Written answers

Tuesday, 8 December 2020

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Craoltóirí Seirbhíse Poiblí

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

240. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cad iad na hiarrachtaí atá déanta aici chun go dtabharfar tosaíocht feiceálachta do TG4 ar Freeview, chun stádas a bhaint amach dó mar chraoltóir seirbhíse poiblí sna sé contae mar atá ag S4C sa Bhreatain Bheag agus ag BBC Alba in Albain, agus chun an fhoráil a chomhlíonadh i leith infhaighteacht TG4 a leathnú de réir alt 4 den chuid a bhaineann le cúrsaí eacnamaíochta, sóisialta agus cultúrtha i gComhaontú Aoine an Chéasta; agus an dtabharfaidh sí ráiteas maidir le cur chun cinn TG4 ó Thuaidh agus comhoibriú Thuaidh-Theas ina leith sin. [41578/20]

Photo of Catherine MartinCatherine Martin (Dublin Rathdown, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá áit níos feiceálaí á lorg ag TG4 ar ardán Freeview i dTuaisceart Éireann. Tá TG4 ag iarraidh ach go háirithe go mbogfaí an cainéal ón áit atá acu faoi láthair ar chainéal 52 go dtí cainéal 8 ar Freeview.

 Bhí TG4 páirteach i gcomhairliúchán poiblí le Digital UK agus rinne iarratas len iad a chur ar chainéal 8 ar Freeview.  Thug Digital UK freagra i Meán Fómhair 2020 ina cuireadh in iúl gur ceanglas é faoi Acht Cumarsáide 2003 na Ríochta Aontaithe go mbeadh cainéal ainmnithe ina chainéal seirbhíse poiblí sa Ríocht Aontaithe d'fhonn feiceálacht a fháil i gcomhréir le Cód um Threoir Clár Leictreonach Ofcom.

Cuireadh tuilleadh comhairle orthu chomh maith gurb í an Roinn Cultúir, Meán agus Spóirt (DCMS) a bhí freagrach as a leithéid d'ainmniúchán. Faoi Acht Cumarsáide 2003, is féidir leis an Rúnaí Stáit cainéil a chur le liosta na gcainéal seirbhíse poiblí le hOrdú Reachtúil.  Tá sé curtha in iúl ag TG4 go bhfuil sé i gceist acu dul i gcomhairle leis an DCMS chun a leithéid d'ainmniúchán a phlé leo sa Bhliain Nua.

Anuas ar thabhairt chun críche an chomhaontaithe Deich mBliana Nua, Cur Chuige Nua, thug Rialtas na hÉireann gealltanas i ndáil le tuilleadh tacaíochta a chur ar fáil don chraoltóireacht Ghaeilge i dTuaisceart Éireann ar feadh 3 bliana ón mbliain 2021  In 2021, cuirfidh mo Roinn fhéin €100,000 ar fáil do TG4 agus do RTÉ araon chun craoltóireacht Ghaeilge a chur chun cinn agus €1m do Scáileán Thuaisceart Éireann chun tacú le hábhar Gaeilge a léiriú.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.