Written answers

Tuesday, 8 December 2020

Department of Rural and Community Development

Seirbhísí Farantóireachta

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

874. To ask the Minister for Rural and Community Development céard iad na céimeanna atá á nglacadh ag a Roinn lena chinntiú go bhfuiltear ag cloí leis na rialacha maidir le hachar sóisialta ar na báid farantóireachta ar fad atá faoi chonradh ag a Roinn le seirbhísí farantóireachta a chur ar fáil chuig na hoileáin amach ón gcósta; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [41938/20]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

875. To ask the Minister for Rural and Community Development cén líon páisinéirí atá ceadaithe ar an mbád faoin gconradh atá idir a Roinn agus cuideachta (sonraí tugtha), ag cur achar sóisialta san áireamh, don tseirbhís idir Ros a’Mhíl agus na hOiléain Árann; an gcuirfear an dara bád ar fáil mar a bhíodh ag freastal ar na trí oileán má tá éileamh uirthi sna laethanta atá amach romhainn; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [41939/20]

Photo of Heather HumphreysHeather Humphreys (Cavan-Monaghan, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. Nos. 874 and 875 le chéile.

Ó thús na pandéime, tá oifigigh na Roinne théis a bheith ag obair go dlúth le grúpaí ionadaíochta oileáin agus leis na farantóirí cuí d’fhonn tacú le pobail na n-oileán, agus le cinntiú go mbeadh seirbhísí iompair rialta i bhfeidhm le freastal orthu. Aontaíodh sceidil fharantóireachta laghdaithe nó leasuithe a chur i bhfeidhm, ó am go chéile, chun pobail na n-oileán agus iad siúd atá ag obair ar a seirbhísí iompair ar feadh an tsaoil a chosaint le linn na paindéime COVID-19.

Tá treoirlínte eisithe ag Feidhmeannach na Seirbhíse Sláinte chuig na farantóirí a iompraíonn daoine chuig na hoileáin mórthimpeall na tíre. Is cinnte gur gné thábhachtach é an scaradh sóisialta ar chórais iompar poiblí d'iarracht na tíre chun COVID-19 a chuir faoi chois, agus caithfear clúdaigh aghaidhe a chaitheamh agus daoine ag taisteal ar bháid. Beidh aon athrú ar na treoirlínte seo bunaithe ar chomhairle ó na húdaráis sláinte phoiblí chuí, agus i gcomhréir le Plean an Rialtais maidir le maireachtáil le COVID-19.

Is é an Oifig Suirbhéireacht Mara atá freagrach as ceadúnais a bhronnadh ar fharantóirí; leagtar amach cén líon paisinéirí atá ceadaithe ar aon soitheach de ghnáth, agus is faoin oifig sin atá sé monatóireacht agus forfheidhmiú a dhéanamh dá réir. Tuigim go bhfuil roinnt ceadúnais ag an gcomhlacht atá sonraithe ag an Teachta, a cheadaíonn idir 96 agus 294 paisinéir a iompar, ag brath ar an árthach atá i mbun seirbhíse.

D’fhéadfadh go mbeadh difríocht shuntasach idir an líon paisinéirí atá ceadaithe de ghnáth agus an líon ba chóir a iompar, a cheadaíonn aonrú sóisialta. D’fhéadfadh a líon sin a bheith éagsúil ag brath ar líon na ndaoine atá ag taisteal, comhdhéanamh grúpa, fad an turais, srl.

Sa Phlean maidir le Maireachtáil le COVID-19, leagtar amach srianta taisteal éagsúla de réir Leibhéil éagsúla de chreat cúig leibhéal an Phlean. Ag Leibhéil 3 agus níos airde, tá sonraithe go mbeadh taisteal teoranta do chontae cónaithe duine, ach amháin má tá práinn ag baint leis. Is léir go raibh tionchar ag na srianta seo ar líon na ndaoine a thaistealaíonn isteach agus amach as Árainn.

Tá deimhnithe ag an bhfarantóir gur féidir freastal ar an éileamh reatha agus treoirlínte FSS a chomhlíonadh agus an tseirbhís chuig na hOileáin Árann á sholáthar ag úsáid bád amháin. Beidh an dara bád ag freastal ar na hOileáin Árann arís ón 18ú Nollaig go 6ú Eanáir de bharr go mbeidh na srianta taisteal maolaithe ag don tréimhse sin. Má thagann ardú ar éileamh taisteal chuig na hoileáin taobh amuigh den tréimhse sin, beidh an dara bád réidh le freastal ar na hoileáin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.