Written answers

Wednesday, 2 December 2020

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Cúrsaí Oidhreachta

Photo of Pearse DohertyPearse Doherty (Donegal, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

62. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil deontais ar fáil chun obair athchóirithe a dhéanamh ar theach stairiúil (sonraí iniata); agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [40765/20]

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is tríd Clár Tacaíochtaí Pobail agus Teangamo Roinnea chuirtear cúnamh caipitil airgid ar fáil do choistí agus eagraíochtaí cáilithe Gaeltachta chun áiseanna pobail, teanga agus caitheamh aimsire a fhorbairt nó a athchóiriú.

Tuigtear dom nach bhfuil aon iarratas faighte ag mo Roinn i leith an togra atá faoi chaibidil sa chás seo. I gcás go bhfaighfí a leithéid, ní call a rá go scrúdófaí an t-iarratas sin faoi réir gnáthchritéir an chláir.

Ní gá dom a rá ach an oiread go mbeidh feidhmeannaigh na Roinne ar fáil chun pé comhairle agus treoir is gá leis a chur ar fáil i gcás go bhfuil iarratas á bheartú.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.