Written answers

Tuesday, 1 December 2020

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Coimisiún Logainmneacha

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

261. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht conas a rinne an rialtas fáil réidh leis an gCoimisiún Logainmneacha sa bhliain 2013, agus cóip de chibé barántas nó ordú faoina fuarthas réidh leis an gCoimisiún sin a chur ar aghaidh chugam. [40255/20]

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar thoradh ar chinneadh an Rialtais i 2011, socraíodh mar chuid de Phlean an Rialtais um Athchóiriú na Seirbhíse Poiblí go mbunófaí coiste saineolaithe, a bheadh ag feidhmiú ar bonn pro bono, in áit an Choimisiúin Logainmneacha. Tá an Coiste sin i mbun oibre ó shin i leith. Ceapadh Coiste nua Logainmneacha ar 11 Eanáir 2020, agus é mar phríomhdhualgas aige comhairle a chur ar an Aire maidir le logainmneacha na hÉireann mar a shainítear iad sin in alt 31 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.

Mar go ndéantar tagairt i gcónaí don Choimisiúin Logainmeacha in Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 is gá leasú a dhéanamh ar an Acht úd chun a chumasú don Aire Orduithe Logainmneacha a dhéanamh. Tá i gceist tabhairt faoi seo agus leasú á dhéanamh ar an Acht trí Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2019 atá ós comhair na dTithe faoi láthair.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.