Written answers

Tuesday, 24 November 2020

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Covid-19 Paindéim

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

328. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil iarratas faighte ó eagraíocht sonraí (tugtha) ar chúnamh le na costais atá orthu de bharr Covid 19 a ghlanadh; an bhfuil i gceist aige breathnú go báúil ar seo de bharr méid na hinfeistíochta atá déanta ag a Roinn san eagraiocht seo i bhfoirm deontais; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [38857/20]

Photo of Catherine MartinCatherine Martin (Dublin Rathdown, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Faoin gCiste Atosaithe agus Athnuachana Spóirt, leithroinneadh breis is €1.9 milliún ar 1,637 club ar fud na tíre mar chuid de scéimeanna maidir le deontais bheaga a chuireann Comhpháirtíochtaí Áitiúla Spóirt i bhfeidhm.Cuireann na scéimeanna seo meicníocht bhreise ar fáil chun tacú le grúpaí agus clubanna pobail a bhféadfadh sé nach bhfuil aon bhaint acu le heagraíocht náisiúnta ná le Comhlachtaí Náisiúnta Rialachais aitheanta ach go gcuireann siad seirbhís ríthábhachtach áitiúil ar fáil. Is í an bhunaidhm atá leis na deontais ná na costais a bhaineann le prótacail sláinteachais agus scartha sóisialta Covid-19 a chur i bhfeidhm a chlúdach. Tá an scéim deontais clubanna leagtha amach chun tacú le filleadh ar ghníomhaíochtaí spóirt agus sin amháin agus chuige sin. Tá briseadh síos ar na suimeanna a leithroinn Spórt Éireann ar na LSPanna le fáil ar láithreán gréasáin Spórt Éireann ag

De bharr go bhfuil an scéim seo maoinithe ag Spórt Éireann agus á cur i bhfeidhm ag na Comhpháirtíochtaí Áitiúla Spóirt, táim ag socrú go gcuirfidh Spórt Éireann freagra díreach chuig an Teacht maidir leis an gclub sonrach a luadh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.