Written answers

Tuesday, 24 November 2020

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Foras na Gaeilge

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

311. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil athbhreithniú á dhéanamh ar cheanneagraíochtaí Fhoras na Gaeilge; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [38187/20]

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cheadaigh an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas socruithe nua maoinithe in ionad múnla bunmhaoinithe Fhoras na Gaeilge ar an 10 Iúil 2013. Mar thoradh ar an gcur chuige nua straitéiseach seo, is féidir seirbhísí níos fearr a sheachadadh ar bhealach níos éifeachtaí do phobal na Gaeilge sa dá dhlínse, ó thuaidh agus ó dheas.

Faoi na socruithe seo, tá tosaíochtaí straitéiseacha i réimsí ar leith á seachadadh ar bhonn uile-oileáin ag 6 ceanneagraíocht a roghnaigh Foras na Gaeilge chun na críche sin. Is iad na heagraíochtaí a roghnaíodh ná Gaeloideachas, Conradh na Gaeilge, Gael Linn, Oireachtas na Gaeilge, Glór na nGael agus Cumann na bhFiann. Tháinig na socruithe nua i bhfeidhm ar 1 Iúil 2014.

Tá fóram comhpháirtíochta uile-oileáin bunaithe ag Foras na Gaeilge chun cur chuige comhpháirtíochta ag an 6 ceanneagraíocht a chinntiú.

I láthair na huaire, tá luacháil á dhéanamh ag comhairleoir neamhspleách atá coimisiúnaithe ag an bhForas maidir le feidhmiú an chur chuige comhpháirtíochta. Le linn an phróisis seo, déanfar athbhreithniú ar phleananna, spriocanna, feidhmeanna agus torthaí na gceanneagraíochtaí sna mór-réimsí oibre atá tugtha dóibh. Mar thoradh air sin, féachfar an bhfuil ag éirí leis an gcur chuige.

Táthar ag súil go gcuirfear ballchríoch leis an athbhreithniú seo sa bhliain nua.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.