Written answers

Tuesday, 24 November 2020

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Toghcháin d'Údarás na Gaeltachta

Photo of Mairead FarrellMairead Farrell (Galway West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

307. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cén amlíne atá leagtha amach le go mbunófar an coiste comhairleach ar thoghcháin Údarás na Gaeltachta agus cén amlíne a bheidh ag an gcoiste sin lena chuid oibre a dhéanamh; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [37973/20]

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Luaitear sa Chlár Rialtais go ndéanfar athbhreithniú ar struchtúir fheidhmiúcháin agus rialachais Údarás na Gaeltachta, agus ar an bpróiseas roghnúcháin/toghacháin i ndáil le Bord an Údaráis.

Faoin socrú reatha agus faoi réir na bhforálacha ábhartha Acht na Gaeltachta 2012, ainmníonn na hÚdaráis Áitiúla a bhfuil ceantar Gaeltachta faoina gcúram acu cúigear comhalta faoi seach chuig an mbord. Faoi réir an Achta, agus i gcomhréir le cleachtais choitianta i ndáil le boird stáit, roghnaítear an seachtar comhalta eile tríd comórtas poiblí a eagraítear faoi scáth na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí.

De thoradh seo trí chéile féachtar chuige go mbíonn bunús daonlathach le comhdhéanamh an bhoird agus déantar cinnte de go bhfuil daoine leis an saineolas agus na sainscileanna cuí á roghnú don chúram – rud atá ar leas an Údaráis agus an pobal a ndéanann sé freastal air mar fhoras stáit i ndeireadh thiar thall. Tiocfaidh saolré an bhoird reatha chun deiridh i mí Eanáir 2023.

Tá sé mar sprioc agam go gcuirfear tús le athbhreithniú faoi réir an ghealltanais sa Chlár Rialtais chomh luath agus is féidir.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.