Written answers

Tuesday, 10 November 2020

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Foras na Gaeilge

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

356. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cá mhéad airgead breise a chuirfidh a Roinn ar fáil d’Fhoras na Gaeilge don bhliain seo romhainn; an mbeidh airgead curtha ar fáil le haghaidh maoinithe, mar is ceart a dhéanamh don Scéim Pobal Gaeilge sna Bailte Seirbhíse Gaeltachta atá taobh amuigh den Ghaeltacht agus do na Líonraí Gaeilge; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [35147/20]

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is í an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas (CATT) a cheadaíonn na buiséid do na Forais Trasteorann uile, An Foras Teanga san áireamh. Is é €1.779m an méadú táscach atá curtha ar fáil don Chomhoibriú Thuaidh Theas i mBuiséad 2021. Cinnteoidh Leis an leithdháileadh maoinithe táscach seo, atá faoi réir breis plé leis an Roinn Pobal i dTuaisceart Éireann, cuirfear ar chumas Fhoras na Gaeilge cur lena gcláir teanga agus chultúir i leith réimsí nua agus maoiniú a mhéadú, más cuí, do ghrúpaí teanga reatha, an Scéim Pobal Gaeilge san áireamh.

Is mian liom a chur in iúl don Teachta freisin go bhfuil ciste iomlán de €5m fógartha don phróiseas pleanála teanga i mbuiséad 2021. Is ardú suntasach é seo ar an €3.7 milliúin atá sa bhuiséad pleanála teanga don bhliain reatha. Cuirfear maoiniú leordhóthanach ar fáil d’Fhoras na Gaeilge ón mbuiséad sin chun cúram a dhéanamh d’ullmhú agus feidhmiú pleananna teanga sa bhliain amach romhainn mar a bhaineann sé leis an gcuid sin den phróiseas a bhaineann leo . Ceadaíodh pleananna teanga an trí Líonra Gaeilge agus Baile Seirbhíse Gaeltachta amháin atá faoi chúram an Fhorais go dáta i mbliana. Cuirfear maoiniú suas le €80,000 an ceann ar fáil d’fheidhmiú na bpleananna sin in aghaidh na bliana agus, faoi réir an tsocraithe seo go ginearálta, cuirfear allúntas bliantúil suas le €100,000 ar fáil do Chathair na Gaillimhe agus do Chathair Chorcaí in am trátha.

Mar is iondúil ag an tráth seo den bhliain, aontófar an chistíocht a bheidh ar fáil don Fhoras don phróiseas pleanála teanga i leith na bliana seo chugainn nuair atá éileamh ina leith faighte ón bhForas agus scrúdaithe ag an Roinn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.