Written answers

Wednesday, 21 October 2020

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Foras na Gaeilge

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

94. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cá mhéad airgid sa bhreis a bheidh Foras na Gaeilge ag fáil sa €1.77 milliún atá fógartha don Fhoras Teanga, agus cén fáth a bhfuil €2 mhilliún bhreise fógartha dóibh sa Tuarascáil Chaiteachais. [32003/20]

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is í an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas (CATT) a cheadaíonn na buiséid do na Forais Trasteorann uile, An Foras Teanga san áireamh.  Is é €1.779m an méadú táscach atá curtha ar fáil don Chomhoibriú Thuaidh Theas i mBuiséad 2021, figiúr atá slánaithe suas go €2m sa Tuarascáil Chaiteachais a bhfuil tagairt déanta ag an Teachta di ina cheist.

Déantar Foras na Gaeilge a chómhaoiniú ar bhonn 75% ó mo Roinn agus 25% ón Roinn Pobal ó thuaidh. Déantar Bord na hUltaise a chómhaoiniú ar bhonn 25% ó mo Roinn agus 75% ón Roinn Pobal. 

Mar gheall ar chúinsí polaitiúla i dTuaisceart Éireann, áfach, níorbh fhéidir cruinnithe CATT a eagrú ó lár 2016 i leith. Dá bhrí sin, cé nach bhfuil na buiséid i leith 2017 go 2020 ceadaithe go hoifigiúil go fóill, ó 2017 i leith, tá aontaithe ag na Ranna Airgeadais sa dá dhlínse go bhfeidhmeodh na Forais Trasteorann uile de réir na buiséid a cheadaigh an CATT ina leith don bhliain 2016.

Tá i gceist go dtionólfar cruinnithe CATT arís go gairid, tráth go ndéanfar na buiséad 2017 - 2020 a cheadú agus a bhfuiltear ag súil go ndéanfar buiséad an Fhorais Teanga do 2021 a dheimhniú.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.