Written answers

Thursday, 15 October 2020

Department of Justice and Equality

Cúirteanna Dúiche

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

246. To ask the Tánaiste and Minister for Justice and Equality an bhfuil aon rún aici an dlí a athrú de bharr breithiúnas cúirte a rialaigh nach raibh cumhacht ag na Cúirteanna Dúiche ordú a thabhairt chun ordú athshealbhaithe ar shealúchas a chur i bhfeidhm; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [30869/20]

Photo of Helen McEnteeHelen McEntee (Meath East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is é an príomh-mhodh chun forfheidhmiú ordaithe seilbhe cúirte a fháil, i gcás nach bhfuil an t-iasachtaí tar éis seilbh a thabhairt suas go deonach, ná ordú forghníomhaithe a fháil ón oifig chúirte (ar a dtugtar ‘habere’, nó ar a dtugtaí ‘habere facias possessionem’ san am atá caite).

Foráiltear le halt 8 den Acht um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1926, gurb iad cláraitheoirí contae (sirriamaí roimhe seo) atá freagrach as forfheidhmiú orduithe cúirte in imeachtaí sibhialta, ach amháin i gcontaetha Bhaile Átha Cliath agus Chorcaí, mar a bhfuil oifig an tsirriam ann i gcónaí. Ordaítear don chláraitheoir contae nó don sirriam leis an Ordú Forghníomhaithe an t-iasachtóir a chur i seilbh na maoine gan mhoill.

Is iad príomhghnéithe Ordaithe Forghníomhaithe ná:

- Leanann an t-ordú i bhfeidhm ar feadh bliana amháin ach féadfar é a athnuachan trí iarratas a dhéanamh chun an Chláraitheora Contae nó chuig Príomh-Oifig na hArd-Chúirte;

- Ní fhéadfar an tOrdú Forghníomhaithe a athnuachan tar éis thréimhse sé bliana gan cead ón gCúirt;

- Ceanglaítear ar an sirriam an t-ordú a fhorghníomhú laistigh de thréimhse réasúnach tar éis dháta a fhála;

- Ceanglaítear ar an iasachtóir, nó ar ionadaí, bheith i láthair chun an mhaoin is ábhar don ordú a shainaithint agus chun seilbh a ghlacadh; féadfaidh an sirriam fórsa réasúnach a úsáid chun rochtain a fháil ar an maoin;

- I gcás ina bhfuil maoin, lena n-áirítear maoin chónaithe, ar áitiú ag tionóntaí, féadfaidh siad iad féin a ‘aturnú’, is é sin, a admháil iad féin a bheith ina dtionóntaí, agus comhaontú fanacht ina dtionóntaí tar éis úinéireacht na maoine a aistriú.

Mar a thuigfidh an Teachta, nílim in ann a cheist a fhreagairt d’uireasa tuilleadh mionsonraí nó tagartha sonraí d’imeachtaí dlíthiúla. Dá mbeadh an Teachta ábalta an fhaisnéis sin a sholáthar, áfach, thabharfainn cuireadh dó dul i dteagmháil liom go díreach faoi na hábhair atá tarraingthe anuas aige.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.