Written answers

Tuesday, 13 October 2020

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

An Clár Rialtais

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

135. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cén fáth nár chaith a Roinn €1.72 mhilliún a cuireadh ar leataobh dóibh anuraidh le caitheamh ar scéimeanna Gaeltachta agus ar an bpleanáil teanga; agus cá rachaidh an t-airgead seo ina áit sin. [30254/20]

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuireann mo Roinn idir chúnamh chaipitil agus reatha ar fáil i dtaca leis an bPróiséas Pleanála Teanga agus an Clár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga sa Ghaeltacht. In 2019 bhí €10,570,000 san iomlán ar fáil faoin gclár reatha agus €2,322,000 faoin gclár caipitil.

Áirítear anseo an ciste faoi leith faoina ndéantar maoiniú ar bhonn leanúnach ar chur i bhfeidhm an phróisis pleanála teanga agus bearta faoi leith atá dlúthbhainteach leis. Cuireadh buiséad de €3.2m ar fáil don phleanáil teanga in 2019. As an gciste sin, caitheadh €2.63m ar an bpleanáil teanga le linn na bliana. Bhí sé seo níos ísle ná an mbuiséad a bhí curtha ar leataobh dó toisc nár cuireadh an méid pleananna teanga faoi bhráid mo Roinn lena bhfaomhadh is a bhí súil leis. Meabhraítear don Teachta gur próiseas é forbairt pleananna teanga atá ag braith ar ionchur ó pháirtithe éagsúla chomh maith leis an Roinn. Is féidir liom a dheimhniú don Teachta gur caitheadh sa bhreis ar €0.5m den chiste nár caitheadh ar an bpleanáil teanga ar thograí eile Gaeilge, Gaeltachta agus Oileán.

Maidir leis an gClár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga atá á riar ag mo Roinn mar thaca breise don phróiseas pleanála teanga agus d'fheidhmiú foriomlán an Phlean Gníomhaíochta 2018-2022 agus na straitéise 20 Bliain don Ghaeilge lena mbaineann; bhí €7,370,000 ar fáil agus caitheadh €7,524,898 i.e., €154,898 sa bhreis.

Baineadh leas as an gcistíocht sin chun an trí scéim faoi leith a thagann faoina scáth a mhaoiniú eadhon: Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge, Scéim na gCúntóirí Teanga agus Scéim na gCampaí Samhraidh . Ina theannta sin, baineadh leas as an gciste reatha seo chun maoiniú a chur ar fáil do thuairim is 12 eagraíocht Ghaeltachta ar leas na gclár oibre comhaontaithe atá á gcur i bhfeidhm acu go bliantúil ar son an phróisis pleanála teanga sa Ghaeltacht.

Comhthreomhar leis an gcúnamh reatha, cuireadh cistíocht ar fiú €2.322m é ar fáil faoin gclár caipitil in 2019 a baineadh leas as chun cabhrú tuilleadh le forbairt áiseanna pobail agus teanga sa Ghaeltacht. Bhain caiteachas €1,022,000 leis an gclár agus cuireadh an sábháil €1,300,000 i dtreo tograí Gaeltachta agus Oileán. Bhí sábháil faoin gclár de bharr easpa dul chun cinn roinnt tograí caipitil.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.