Written answers
Thursday, 1 October 2020
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Údarás na Gaeltachta
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
44. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht maidir le cliantchomhlachtaí Údarás na Gaeltachta, an dtabharfaidh sí soiléiriú ar líon na bPleananna Teanga atá curtha le chéile ag an Údarás in 2016, 2017, 2018, 2019 agus 2020; an dtabharfaidh sí soiléiriú ar an gcórás monatóireachta atá i bhfeidhm chun a chinntiú go bhfuil an Ghaeilge á húsáid go nádúrtha agus go forleathan; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [27096/20]
Jack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá sé curtha in iúl ag Údarás na Gaeltachta go bpléitear an tábhacht atá leis an nGaeilge a chur chun cinn i ngach réimse den ghnó mar chuid den phlé a ndéanann an tÚdarás le cliantchomhlachtaí dá chuidse i dtaca le gnó a bhunú nó a fhorbairt sa Ghaeltacht.
Tugtar le fios do na cliantchomhlachtaí go bhfuil tacaíocht an Údaráis coinníollach ar phlean teanga a aontú agus a chur i bhfeidhm, agus léirítear dóibh chomh maith an raon tacaíochtaí atá ar fáil ina leith.
Bíonn teagmháil rialta ag feidhmeannaigh an Údaráis leis na cliantchomhlachtaí chun dul i bhfeidhm ar lucht bainistíochta sna comhlachtaí agus tuairiscítear go mbíonn tionchar dearfach ar a gcuid oibre.
Mar chuid den phróiseas pleanála teanga, tá deis ann don Údarás agus do na pobail áitiúla a léiriú do na cliantchomhlachtaí an tionchar gur féidir leo a imirt ina Limistéar Pleanála Teanga Ghaeltachta ó thaobh cur chun cinn na Gaeilge de agus a chur ina luí orthu go bhfuil ról tábhachtach acu i bpróiseas na pleanála teanga.
Seo a leanas líon na bpleananna teanga a aontaíodh nó a athbhreithníodh i gcliantchomhlachtaí an Údaráis ó 2016 go data:
Bliain | Líon Pleananna / Cliantchomhlachtaí |
---|---|
2016 | 70 |
2017 | 35 |
2018 | 74 |
2019 | 91 |
2020 (go dáta) | 18 |
No comments