Written answers

Thursday, 1 October 2020

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Caiteachas Gaeilge agus Gaeltachta

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

40. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht céard iad na tosaíochtaí beartais atá aici i leith na Gaeilge don bhliain seo romhainn; cá mhéad airgead atá ar fáil aici i mbliana don Ghaeilge agus don Ghaeltacht; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [26627/20]

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá tosaíochta an Rialtais maidir leis an Ghaeilge agus an Ghaeltacht leagtha amach sa Chlár Rialtais a foilsíodh lé déanaí. 

Tugann an Rialtas nua aitheantas do thábhacht na Gaeilge mar chéad teanga an stáit, mar theanga bheo agus mar chuid dár n-oidhreacht.  Táimid diongbháilte, ní hamháin go mbeadh amharc níos fearr ar an teanga ach freisin go láidreofaí a húsáid laethúil mar theanga phobail.  Tá sé mar aidhm ag an Rialtas agus agam féin go mbeidh daoine arb í an Ghaeilge a gcéad teanga cumhachtaithe mar shaoránaithe.  Tabharfaidh an Rialtas seo agus mise mar Aire, cumhdach do cheantair Gaeltachta agus déanfar iad a chaomhnú sa treo is go bhfanfaidh siad mar chroí-lár den teanga bheo.

Leanfar le cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus leis na spriocanna ar leas na Gaeilge agus na Gaeltachta atá leagtha amach sa Plean Gníomhaíochta 2018-2022 a foilsíodh i Meitheamh 2018.  Foilseofar an chéad tuarascáil maidir le dul chun cinn an phlean sin go luath a chuimseoidh an tréimhse 12 mhí ó Iúil 2018 go Meitheamh 2019.

I measc na rudaí faoi leith atá luaite sa Phlean atá ag imirt tionchair dhearfaí cheana féin ar an nGaeltacht, tá an próiseas pleanála teanga, cláir thacaíochta éagsúla mo Roinne agus Údarás na Gaeltachta faoi seach chomh maith leis an bPolasaí don Oideachas Gaeltachta atá á chur i bhfeidhm ag an Roinn Oideachais agus Scileanna. 

Mar a bhaineann sé leis an bpróiseas pleanála teanga, tá 18 plean teanga ceadaithe go dtí seo I gceantair Ghaeltachta.

Maidir leis an mbliain seo romhainn, mar is eol don Teachta,  is faoin bpróiséas meastúcháin a dhéanfar allúntas na Roinne a dheimhniú don bhliain 2021. Mar sin féin, tá maoiniú suntasach d'os cionn €50m curtha ar fáil i mbliana le haghaidh Chlár C de vóta mo Roinne mar a bhaineann le gnóthaí Gaeilge, Gaeltachta agus Oileán.  San áireamh leis sin, tá:

- infheistíocht bhreise ar fiú €500,000 é don phróiseas pleanála teanga a chinnteoidh go dtógfar ar an obair mhaith atá ar siúl faoin bpróiseas cheana féin;

- ardú de €1m nó 11% ar sholáthar caipitil Údarás na Gaeltachta chun cur tuilleadh lena chumas a chlár oibre a chur chun cinn ar leas na Gaeltachta agus,

- €200,000 breise  do mhaoiniú na gcomharchumann Gaeltachta. 

Chomh maith leis sin, tá an Pacáiste Spreagtha Post ag cur €8 milliún breise ar fáil d'Údarás na Gaeltachta chun uasghrádú riachtanach a dhéanamh ar a stoc foirgneamh agus ar shaoráidí cóireála uisce chun margaíocht a dhéanamh ar spásanna monarchana atá díomhaoin i láthair na huaire ar mhaithe le margaíocht a dhéanamh ar thionscadail cruthaithe fostaíochta chomhaimseartha agus sin a éascú. Cruthóidh sé seo 40-50 post nua tógála ar fud phobail Ghaeltachta sa ghearrthéarma agus tacófar le 320 post nua níos fadtréimhsí a chruthú sa Ghaeltacht, i gcliantchuideachtaí de chuid Údarás na Gaeltachta.

Mar aon leis an maoiniú breise de €250,000 atá á chur ar fáil d'Ealaín na Gaeltachta chun tacaíocht a chur ar fáil do na healaíona traidisiúnta i dtimpeallachtaí scoile agus an próiseas pleanála teanga uileghabhálach sna ceantair Ghaeltachta, beidh suntas mór ag baint leis an infheistíocht bhreise seo do cheantair Ghaeltachta. 

Is í an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas (CATT) a cheadaíonn na buiséid do na Forais Trasteorann uile, An Foras Teanga san áireamh. Mar gheall ar chúinsí polaitiúla i dTuaisceart Éireann, áfach, níorbh fhéidir cruinnithe CATT a eagrú ó lár 2016 i leith agus, dá bhrí sin, níl na buiséid i leith 2017 go 2020 ceadaithe go hoifigiúil go fóill. Idir an dá linn, ó 2017, tá sé aontaithe ag na Ranna Airgeadais sa dá dhlínse go bhfeidhmeodh na Forais Trasteorann uile de réir na buiséid a cheadaigh an CATT ina leith don bhliain 2016.

Tá sé i gceist go dtionólfar cruinnithe CATT arís go gairid, agus ag an am sin go gceadófar buiséid 2017 - 2020 agus go bpléifear gach gné d’obair an Fhoras Teanga, an buiséad do 2021 san áireamh.

Agus mé ag tosú amach i mo théarma oifige, tá i gceist agam tógáil ar an dul chun cinn atá déanta cheana féin ar mhaithe le bunsraith níos láidre a thabhairt don teanga sa Ghaeltacht agus chun a chinntiú go láidreofar í mar ghnáththeanga labhartha na réigiún sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.