Written answers
Thursday, 1 October 2020
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Pleanáil Teanga
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
12. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht maidir le ceist uimhir 310 ar an 28ú Iúil 2020, an dtabharfaidh sí soiléiriú ar stádas Phlean Teanga Chathair na Gaillimhe; an bhfuil an plean faofa aici; cén dáta a fhoilseofar é; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [27095/20]
Jack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá plean teanga Chathair na Gaillimhe curtha faoi bhráid mo Roinne ag Foras na Gaeilge le tamall agus á bhreithniú faoi láthair. Tuigim ó mo chuid oifigigh go raibh comhfhreagras idir iad agus Foras na Gaeilge, atá freagrach as maoirsiú a dhéanamh ar an scéal sa chás seo, ina thaobh le deireanaí. Táim ag súil le moladh ó mo chuid oifigigh maidir leis an bPlean go luath.
Ach an Plean a bheith faofa agam faoi réir fhorálacha Acht na Gaeltachta 2012, rachfar i dteagmháil leis an bhForas chun na socruithe ábhartha a dhéanamh le haghaidh an Plean a chur i bhfeidhm.
Meabhráitear don Teachta go bhfuil fógartha ag mo Roinn cheana féin go bhfuil allúntas suas le €80,000 in aghaidh na bliana ar fáil ó mo Roinn do chur i bhfeidhm pleananna teanga i mBailte Seirbhíse Gaeltachta ach i gcás cathracha Chorcaí agus na Gaillimhe, go bhféadfadh allúntas suas le €100,000 in aghaidh na bliana a bheith ar fáil do chur i bhfeidhm bearta a bpleananna.
No comments