Written answers
Thursday, 1 October 2020
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Pleanáil Teanga
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
47. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil coinníollacha teanga i bpleanáil tithíochta agus forbartha sna ceantair Ghaeltachta pléite aici leis an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, nó an bhfuil sé i gceist aici iad a phlé; cé na céimeanna atá i gceist aici chun pleanáil teanga agus pobal na Gaeilge a chosaint i gcúrsaí pleanála agus forbartha sna ceantair Ghaeltachta. [27398/20]
Jack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Is féidir liom a dheimhniú don Teachta go bhfuil scríofa ag mo Roinn chuig na húdaráis áitiúla a bhfuil ceantar Gaeltachta ina ndlinse ar roinnt ócáidí thar na blianta chun a mheabhrú dóibh a gcuid dualgais maidir leis an nGaeilge a mheabhrú dóibh. Tapaíonn mo Roinn na deiseanna a tugtar di aighneachtaí a sheoladh chuig údaráis pleanála maidir le forbairtí tithíochta a bhféadfadh tionchar ar úsáid teanga a imirt i gceantar Gaeltachta.
Níos túisce i mbliana, chuir mo Roinn aighneacht chuig an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta maidir le hathbhreithniú atá á dhéanamh acu ar na treoirlínte d'údaráis pleanála inar leag sí béim ar na dúshláin a fheictear bheith ag baint leis an ábhar seo go ginearálta.
Tuigimse féin agus mo Roinn an tábhacht a bhaineann le tionchar teanga bheith tógtha san áireamh i dtaobh forbairtí tithíochta i gceantar Gaeltachta agus leanfaimid ag tapú deiseanna é sin a chur in iúl do na húdaráis pleanála.
No comments