Written answers

Thursday, 24 September 2020

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Údarás na Gaeltachta

Photo of Mairead FarrellMairead Farrell (Galway West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

112. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht ainneoin nach féidir mionsonraí faoi dhíolcháin ar leith a thabhairt, an ndearnadh luacháil neamhspleách, gairmiúil de réir an ghnáth-chleachtais ar ocht bhfoirgneamh agus ceithre phíosa talún a dhíol Údarás na Gaeltachta i gcondae na Gaillimhe le deich mbliana anuas, de réir mar a nochtadh i gCeist Pharlaiminte Uimhir 347 ar an 8ú Meán Fómhair 2020; ar fógróidh na díolacháin áirithe seo go poiblí; an bhfuil sí den tuairim gur cheart d'Údarás na Gaeltachta bheith i dteagmháil le coistí pobail áitiúla nó leis an chomhairle contae ábhartha maidir le riachtanais tithíochta sa cheantar agus talamh nó foirgnimh á ndíol acu; agus an bhfuil cead Bhord an Údaráis ag teastáil le talamh nó foirgnimh a dhíol agus ar tugadh cead maidir leis na sócmhainní luaite anseo. [26038/20]

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Macasamhail comhlachtaí poiblí eile, díolann Údarás na Gaeltachta maoin agus sócmhainní eile ó am go ham de réir polasaithe agus treoirlínte Stáit. Déantar díolacháin dá leithéid a thuairisciú agus a nochtadh go cuí i ráitis airgeadais bhliantúil na heagraíochta.

Leagann an tábla thíos amach an mhaoin lonnaithe i gContae na Gaillimhe a dhíol Údarás na Gaeltachta le deich mbliana anuas. Tuigtear dom ó Údarás na Gaeltachta gur cheadaigh bord na heagraíochta gach díolachán liostáilte thíos de réir an nós imeachta cuí. Cé nach bhfuil sonraí na gceannaitheoirí aonaracha agus na díolacháin nochtaithe de bharr íogaireacht rúndachta, pearsanta agus tráchtála an eolais, tá sonraí dearbhaithe ag Údarás na Gaeltachta maidir le sonraí an nós imeachta a leanadh agus próifíl an cheannaitheora i ngach cás.

Tá ceantair Ghaeltachta lonnaithe i gcuid de na háiteacha is áille ar domhan, ceantracha tuaithe agus scoite amach don chuid is mó. Ní sholáthraíonn an earnáil phríobháideach áiseanna cuí gnó sna ceantair tuaithe seo áit a bhfuil an margadh maoine tráchtála lag i gcomparáid le margaí tráchtála i gceantair uirbeacha ar fud na tíre. Tá an múnla gnó atá ag Údarás na Gaeltachta do na ceantair seo le 40 bliain anuas ag déileáil le agus ag freagairt don gcliseadh margadh shoiléir seo sa gcomhthéacs seo. Tá an talamh agus maoin atá in úinéireacht Údarás na Gaeltachta riachtanach do chruthú poist sna ceantair seo agus chun pobail teanga inbhuanaitheach agus inmharthanach a chinntiú. Dá bhrí sin leanann sé go bhfuil punann maoine Údarás na Gaeltachta riachtanach i gcónaí d’inbhuanaitheacht na Gaeltachta agus tá úsáid an phunainn dírithe ar chruthú poist sa chéad áit.

Seoladh Cur síos Modh díolacháin - próifíl an cheannaitheora
Lochán Beag, Indreabhán Talamh Fógraíodh ar an margadh oscailte – díolta ar chonradh príobháideach le duine aonair
Baile an tSléibhe, Ros an Mhíl Teach Fógraíodh ar an margadh oscailte – díolta ar chonradh príobháideach le duine aonair
An Cheathrú Rua Teach Fógraíodh ar an margadh oscailte - díolta ag ceant le duine aonair
An Cheathrú Rua Teach Fógraíodh ar an margadh oscailte – díolta ar chonradh príobháideach le duine aonair
Cill Chiaráin Aonad Gnó 2 Luacháil neamhspleách - díolta ar chonradh príobháideach le cliaintchomhlacht
Inis Mór Aonad Gnó / Monarcha 2 Luacháil neamhspleách - díolta ar léas fad téarmach le cliaintchomhlacht
Inis Mór Aonad Gnó / Monarcha Fógraíodh ar an margadh oscailte - níor tháinig aon tairiscint. Luacháil neamhspleách déanta, tairiscint ó eagraíocht pobail glactha do thionscnamh fiontar sóisialta - díolachán ar chonradh príobháideach
An Cheathrú Rua Aonad Gnó 2 Luacháil neamhspleách – díolta ar léas fad téarmach le cliaint chomhlacht
Ros an Mhíl Talamh 2 Luacháil neamhspleách – díolta ar léas fadtéarmach le cliaint chomhlacht
An Fhairche Talamh Spéis léirithe ag eagraíocht charthanachta idirnáisiúnta - luacháil neamhspleách faighte, socrú speisialta déanta leo chun togra carthanachta a ligeann chun cinn – díolachán ar léas fadtéarmach
An Spidéal Teach Fógraíodh ar an margadh oscailte - díolta ar chonradh príobháideach le duine aonair
An Cheathrú Rua Aonad Gnó 2 Luacháil neamhspleách - díolta ar léas fadtéarmach le heagraíocht pobail

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.