Written answers
Tuesday, 15 September 2020
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Earcaíocht san Earnáil Phoiblí
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
318. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an mbíonn aon dualgas ar Ranna rialtais daoine a earcú ón bpainéal d’Oifigigh Feidhmiúchain le Gaeilge, seachas leas a bhaint as an ngnáthphainéal d’Oifigigh Feidhmiúcháin; agus cén iarrachtaí atá á ndéanamh aici chun cinntiú go dtiocfaidh méadú ar líon na státseirbhíseach a bhfuil cumas sa Ghaeilge acu. [23821/20]
Jack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Is faoin Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, atá sé polasaithe a leagan síos maidir le hearcaíocht don tseirbhís phoiblí. É sin ráite, tá sé mar chuspóir i mBille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2019 go mbeidh 20% de na daoine nua a earcófar don seirbhís phoiblí innniúl sa Ghaeilge, go mbeidh gach oifig phoiblí atá lonnaithe sa Ghaeltacht ag feidhmiú trí Ghaeilge agus go mbeidh comhlachtaí poiblí in ann freastal ar an éileamh ón bpobal ar sheirbhísí trí Ghaeilge.
Táthar ag súil leis an mBille seo a thabhairt ar ais os comhar na Tithe go luath agus mar atá geallta sa Chlár Rialtais, ba mhaith liom go mbeadh an Bille achtaithe roimh dheireadh na bliana.
No comments