Written answers

Tuesday, 15 September 2020

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Na hOileáin amach ón gCósta

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

315. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht faoi stádas an iarratais (sonraí tugtha) atá ós comhair na Roinne ó Chomhlacht Forbartha Inis Meáin; cén dáta a dhéanfar cinneadh ina thaobh; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [23529/20]

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is tríd an Clár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga a chuireann mo Roinn tacaíocht airgid ar fáil chun áiseanna pobail, teanga agus caitheamh aimsire a thógáil nó a uasghrádú sna ceantair Ghaeltachta. 

Cheadaigh mo Roinn allúntas €31,880 do Chomhlacht Forbartha Inis Meáin don obair chomhairleorachta a bhain le forbairt ionad pobail ar an oileán in 2019.  Tá áthas orm gur éirigh liom an t-allúntas sin a mhéadú go €53,798 le gairid agus an leibhéal uasta maoinithe caipitil atáthar á sholáthar do thograí Gaeltachta ar na hoileáin faoi Chlár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga a mhéadú ó 80% go 90% de na costais iomlána incháilithe.  Is chun tacú níos fearr leis an dúshlán a bhaineann le forbairtí den chineál seo ar na hoileáin a tógadh an cinneadh seo. 

Fuair mo Roinn iarratas i leith an obair thógála ar 10 Iúil 2020 agus tá sé á mheas ag oifigigh mo Roinne faoi láthair.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.