Written answers

Thursday, 10 September 2020

Department of Agriculture, Food and the Marine

Cuanta agus Céanna

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

255. To ask the Minister for Agriculture, Food and the Marine cén dul chun cinn atá déanta ar ché dhomhainmhara a fhorbairt i Ros an Mhíl; cén uair a bhfuiltear ag súil le tairiscintí a lorg don obair ar an gcé; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [23127/20]

Photo of Charlie McConalogueCharlie McConalogue (Donegal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá sé Lárionad Cuain Iascaigh ainmnithe faoi úinéireacht an stáit (FHC) atá suite i mBaile Chaisleáin Bhéarra, Daingean Uí Chúis, an Dún Mór Thoir, Binn Éadair, na Cealla Beaga agus Ros an Mhíl, faoi úinéireacht ag mo Roinnse agus déanann an Roinn iad a chothabháil agus a chur i bhfeidhm, faoi reacht.

Cuireann an Roinn maoiniú ar fáil ar bhonn bliantúil do na Lárionaid Chuain Iascaigh, lena n-áirítear Ros an Mhíl, faoin gClár Forbartha Infreastruchtúir Cuanta Iascaigh agus Cósta. Tá dul chun cinn déanta le blianta anuas ar chlár céimnithe chun bonneagar Lárionad Chuan Iascaigh Ros an Mhíl a fhorbairt agus tá infheistíocht shuntasach déanta ann. Ar an iomlán, rinneadh tuairim is €31m a infheistiú i bhforbairtí caipitil i Lárionad Chuan Iascaigh Ros an Mhíl idir 2000 agus 2019. Ina theannta sin, tá breis is €1.5m leithroinnte chun oibreacha caipitil a dhéanamh sa chalafort in 2020.

Tá an fhéidearthacht maidir le tionscadal beart domhainmhara ag Lárionad Chuan Iascaigh Ros an Mhíl curtha chun cinn ag an Roinn le tamall anuas. Choimisiúnaigh an Roinn comhairleoirí DKM chun Anailís Costais is Tairbhe a dhéanamh ar a bheadh i gceist le céibh domhainmhara a fhorbairt ag Ros an Mhíl. Cuireadh dréacht-thuarascáil ar aghaidh chuig an Roinn i Meitheamh 2017. Cé go raibh sí dearfach, bhí imní ar an Roinn faoin tuarascáil agus níor ghlac sí go foirmeálta riamh léi.

Ó dréachtaíodh an tuarascáil sin, tá athrú tagtha ar roinnt de na bunphrionsabail a bhí mar thaca leis an gcéad anailís a rinneadh. In 2018, choimisiúnaigh an Roinn comhairleoirí innealtóireachta ina dhiaidh sin chun athbhreithniú a dhéanamh ar na réitigh dearaidh, ar na roghanna scóipeála agus ar ghnéithe oibríochta a d'fhéadfadh a bheith i gceist lena leithéid de thogra amach anseo. Fuarthas dréacht eatramhach den Tuarascáil Piarmheasúnaithe ar Bhalla na Cé in Aibreán 2019. Aithníodh sa tuarascáil seo an gá atá le fiosruithe eile suímh a dhéanamh ag Ros an Mhíl.

Chuathas i mbun na n-oibreacha i ndáil le fiosrú suímh i Lúnasa/Meán Fómhair 2019 agus tá siad sin tugtha chun críche anois. Fuarthas an tuarascáil Piarmheasúnaithe deiridh ar Bhalla na Cé an 27 Iúil 2020 agus cuireadh nuashonrú eile ar fáil ar an 4 Meán Fómhair 2020. Déanfaidh an Roinn an tuarascáil seo a bhreithniú anois lena n-áirítear torthaí na bhfiosruithe suímh chun eolas a dhéanamh do mheasúnú amach anseo ar réitigh dearaidh agus roghanna scóipeála féideartha, a dhéanfaidh, iad féin, eolas do chinntí maidir le dul chun cinn an tionscadail seo.

Bhí cead pleanála faighte i leith an tionscadail seo agus tá síneadh go dtí Aibreán 2023 curtha leis.

Mar a bhíonn le gach forbairt sna sé Lárionad Cuain Iascaigh tríd is tríd, ní dhéanfar aon chinneadh eile amach anseo i ndáil le tús a chur go foirmeálta leis an tionscadal seo i Ros an Mhíl a mheas ach ar an mbonn maoiniú státchiste agus tosaíochtaí náisiúnta iomaíochta a bheith ar fáil.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.