Written answers

Tuesday, 8 September 2020

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Cruthú Fostaíochta

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

359. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht liostú a dhéanamh ar na poist faoi leith a cruthaíodh sa Ghaeltacht le maoiniú ón Roinn sa bhliain 2019, is rud atá luaite i dTuarascáil Feidhmíochta na Seirbhíse Poiblí, 2019; ar na cistí faoi leith lenar cruthaíodh poist; ar an líon post a cruthaíodh agus ar an maoiniú a cuireadh ar fáil do na poist sin i ngach ceantar Gaeltachta faoi leith. [21909/20]

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tugann Údarás na Gaeltachta faoi réimse leathan gníomhaíochtaí fiontraíochta agus forbartha chun a fheidhmeanna i dtaca le cruthú agus caomhnú fostaíochta sa Ghaeltacht a bhaint amach. Tá na fiontair a fhaigheann tacaíocht ag feidhmiú in earnálacha cosúil le heolaíochtaí beatha (bithleighis agus cógaisíocht), teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide, déantúsaíocht nideoige (earraí innealtóireachta agus tomhaltais), closamhairc agus na meáin dhigiteacha, turasóireacht, fiontair mhara agus an earnáil teangabhunaithe.

Is féidir le hÚdarás na Gaeltachta raon dreasachtaí agus tacaíochtaí a thairiscint do ghnólachtaí agus do chuideachtaí incháilithe i réimse earnálacha chun gnó a thosú, a fhorbairt, a leathnú nó a lonnú i gceantar Gaeltachta m.sh. Deontas Caipitil, Deontas Fostaíochta, Deontas Oiliúna, Deontas Staidéir Féidearthachta, Deontas Taighde agus Forbartha, Seirbhísí Comhairleoireachta, Forbairt Scileanna Taighde Margaíochta, Deontas Rannpháirtíochta in Aontaí Trádála, Scéim Trádála ar Líne, Dearbháin Nuálaíochta mar aon le hinfheistiú i scaireanna.

Moltar tacaíocht do thograí bunaithe ar phlean gnó, a mhaireann trí bliana de ghnáth, ina mbíonn spriocanna faoi leith, fostaíocht ina measc, leagtha amach. Ó am go ham, tarlaíonn sé go mbíonn moill ar thograí na spriocanna a bhíonn sa phlean gnó a bhaint amach nó ag amanna eile bíonn forbairt an ghnó chun tosaigh ar an sprioc a bhí leagtha síos agus, mar sin, bíonn sé deacair ceangal díreach a dhéanamh idir an tacaíocht atá ceadaithe agus íoctha agus líon na bpost atá cruthaithe.

Mar aon leis sin, tá Meamram Comhthuisceana aontaithe idir Fhiontraíocht Éireann agus Údarás na Gaeltachta. Is faoi choimirce na socruithe seo atá an cur chuige aontaithe faoina bhfuil deis agus rogha ag Údarás na Gaeltachta scéimeanna faofa de chuid Fhiontraíocht Éireann a thairiscint dá gcliantchomhlachtaí féin. Meastar gur fiú c. €1-2 mhilliún an maoiniú seo go bliantúil do chliaint an Údaráis. Ar bhunús na socruithe seo, tá aisíocaíochtaí le fáil ag An Údarás ar riaradh na scéimeanna seo a leanas (tá scéimeanna eile ar fáil nach bhfuil ar an liosta):

- Ciste Iomaíoch Gnó Nuabhunaithe

- Ciste Staidéir Féidearthachta Iomaíoch

- Deontas Athbhreithnithe ar Straitéis Mhargaíochta

- Deontas Rochtana ar an Margadh

- Deontas Idirnáisiúnaithe

- Deontas Naisc Gnó

- Clár Céimithe d’Fhás Idirnáisiúnta

- Scéim Barr Feabhais i nDíolacháin Idirnáisiúnta

- Ciste Taighde, Forbartha agus Nuálaíochta Inmheánaigh

- Deontas/Clár Meantóireachta

- Deontas do Chomhairleoireacht Straitéiseach

- Deontas Eochairbhainisteora

- Clár Oiliúna – Méadú Domhanda

- Deontas Feabhais ar Phróiseas Gnó.

Le riachtanais tuairiscithe agus phleanála an Údaráis a chomhlíonadh, bailíonn Údarás na Gaeltachta figiúirí fostaíochta uair amháin gach bliain ó chliaint. Bailítear an t-eolas do chuspóirí staidrimh agus pleanála.

Seo a leanas briseadh síos ar na deontais agus scaireanna a íocadh agus líon na bpost a cruthaíodh de réir contae do 2019:

Contae Líon Poist Deontais Scaireanna
Dún na nGall 191 €2,239,165 €0
Maigh Eo 41 €431,458 €145,000
Gaillimh 227 €2,854,437 €605,000
An Mhí 36 €80,989 €125,000
Ciarraí 53 €425,794 €0
Corcaigh 41 €543,279 €0
Port Láirge 4 €16,797 €0
Iomlán 593 €6,591,919 €875,000

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.