Written answers
Tuesday, 8 September 2020
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Na hOileáin amach ón gCósta
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
339. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil sí i gceist aige cuairt a thabhairt go luath ar na hoileáin amach ón gcósta; agus má tá, cé hiad na hoileáin a bhfuil i gceist aige cuairt a thabhairt orthu. [21703/20]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
356. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cén uair atá i gceist aici nó ag an Aire Stáit um an nGaeltacht cuairt a thabhairt ar na hoileáin Ghaeltachta amach ón gcósta; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [21705/20]
Jack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
I propose to take Questions Nos. 339 and 356 together.
Ag eascairt as fógra an Taoisigh ar an 27 Meitheamh, tá socruithe á dhéanamh faoi láthair chun feidhmeanna oileánda mo Roinne a aistriú go dtí an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail. Go dtí go ndéanfar é sin, is í mo Roinn a bheidh freagrach as an gcúram sin. Bíonn teagmháil rialta idir oifigigh mo Roinne agus ionadaithe agus pobal na n-oileán, na hoileáin Ghaeltachta san áireamh, agus leanfar leis seo.
Tá i gceist agam féin cuairt ghairid a thabhairt ar Ghaeltacht Chonamara an tseachtain seo, agus tá mé ag súil go mór le cuairt a thabhairt ar gach ceantar Gaeltachta san am atá le teacht, na hoileáin Ghaeltachta ina measc.
No comments