Written answers
Tuesday, 8 September 2020
Department of Rural and Community Development
Scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
1489. To ask the Minister for Rural and Community Development cén uair a dhéanfar cinneadh ar iarratas ó scoil (sonraí tugtha) faoi scéim CLÁR 2020 (Beart 1) de bharr na práinne a bhaineann leis an obair atá le déanamh taobh amuigh den scoil; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [21721/20]
Heather Humphreys (Cavan-Monaghan, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Is iad na hÚdaráis Áitiúla a chuireann iarratais faoi Bheart 1 agus faoi Bheart 2 de chlár CLÁR ar aghaidh chuig mo Roinn. I mbliana, tugadh cuireadh do gach Údarás Áitiúil a bhfuil réimsí sannta CLÁR ag teacht faoina gcúram suas le 10 n-iarratas a dhéanamh in éineacht faoi Bheart 1 agus faoi Bheart 2 den chlár.
Ba é an 28 Lúnasa an dáta deiridh chun iarratais a fháil faoi na Bearta sin. Cé gur chuir Comhairle Chontae na Gaillimhe 10 n-iarratas ar aghaidh faoi na Bearta atá i gceist, ní raibh aon iarratas san áireamh iontu maidir leis an scoil a bhfuil an Teachta ag tagairt di.
B'fhéidir gur mhaith leis an Teachta teagmháil a dhéanamh le Comhairle Chontae na Gaillimhe lena fháil amach an raibh iarratas faighte acu ón scoil atá i gceist.
No comments