Written answers

Tuesday, 8 September 2020

Department of Agriculture, Food and the Marine

Na hOileáin amach ón gCósta

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

1429. To ask the Minister for Agriculture, Food and the Marine an bhfuil sé i gceist aige cuairt a thabhairt go luath ar na hoileáin amach ón gcósta; má tá, cé hiad na hoileáin a bhfuil i gceist aige cuairt a thabhairt orthu; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [21704/20]

Photo of Charlie McConalogueCharlie McConalogue (Donegal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar a bheidh a fhios ag an Teachta, tá roinnt tionscnamh i bhfeidhm cheana féin a bhfuil teacht ag feirmeoirí ar na hoileáin orthu.

Cuirtear tacaíochtaí a bhaineann go sonrach le feirmeoirí ar na hoileáin faoi scéim na Limistéar faoi Shrianta Nádúrtha (ANC). Faoin scéim seo, tá feirmeoirí ar na hoileáin díolmhaithe ó ghabháltas feirme atá 3 heicteár ar a laghad a bheith acu, faoi mar atá i bhfeidhm go ginearálta. Ina theannta sin, tá ráta tacaíochta ANC an heicteár d'fheirmeoirí ar na hoileáin níos airde ná mar atá d'fheirmeoirí ar an mórthír.

Tá scéimeanna faoin bPlean Forbartha Tuaithe ar fáil d'fheirmeoirí ar na hoileáin agus d'fheirmeoirí ar an mórthír araon. Áirítear sna scéimeanna sin aistriú eolais, feirmeoireacht orgánach, leas ainmhithe, feirmeoireacht i gcomhar, chomh maith le tacaíocht d'fhorbairt áitiúil Pobal-bhunaithe LEADER. Ina theannta sin, tá teacht ag oileánaigh ar chuóta iascaireachta do speicis ar leith. Táim ag súil le bheith ag obair in éineacht le mo chomhghleacaí Heather Humphreys, An tAire Coimirce Sóisialaí, Forbartha Pobail agus Tuaithe agus Oileán mar chuid dá cuid freagrachtaí d'fhorbairt na n-oileán amach ón gcósta agus dá bhforbairt leanúnach.

Ag brath ar mo sceideal oibre, tá súil agam go mbeidh sé ar mo chumas cuairt a thabhairt ar roinnt de na hoileáin le linn mo théarma i m'Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara agus coinneoidh mé i dteagmháil leis an Teachta ina leith sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.