Written answers

Thursday, 30 July 2020

Department of Education and Skills

Foirne Scoile

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

633. To ask the Minister for Education and Skills an mbeidh cead ag scoil (sonraí tugtha)an líon muinteoirí ranga atá acu faoi láthair a choinneáil don scoil bhliain 2020/2021, cé go mbeidh siad duine gann den sprioc uimhir daltaí do líon na muinteoirí atá acu, de bharr an ghéarchéim Covid-19 agus chomh beag agus atá na seomraí ranga sa sean scoil seo; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [19551/20]

Photo of Norma FoleyNorma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is eol dom an sceideal don soláthar foirne agus an gá atá le tosaíocht a thabhairt do leithdháiltí múinteoirí i mbunscoileanna i bhfianaise na róil fhíorthábhachtacha atá acu i bpobail ar fud na tíre. Táim ag féachaint ar an mbealach is fearr chun dul chun cinn breise a dhéanamh maidir le cóimheas múinteoirí bunscoile i gcomhthéacs fheidhmiú Chlár an Rialtais.

Is í an phríomhthoisc a chinneann leibhéal na n-acmhainní foirne a sholáthraítear ag leibhéal na scoile aonair ná an sceideal soláthair foirne don scoilbhliain ábhartha agus rolluithe daltaí ar an 30 Meán Fómhair roimhe sin.

Feidhmíonn an sceideal don soláthar foirne ar bhealach atá soiléir agus trédhearcach agus caitear le scoileanna den chineál céanna ar an mbealach céanna beag beann ar a suíomh. Cuimsíonn an sceideal don soláthar foirne córas achomhairc trína bhféadfaidh scoileanna achomharc i leith soláthar foirne a chur faoi bhráid Bord Achomhairc neamhspleách faoi chritéir áirithe. Tá an Bord Achomhairc um Sholáthar Foirne ag an mBunleibhéal tar éis post múinteoireachta sa bhreis a leithdháileadh ar an scoil ar thagair an Teachta di ar bhonn sealadach, go dtí go mbeidh na rolluithe deimhnithe ar an 30 Meán Fómhair.  Ní bheidh leithdháileadh deiridh na bpost múinteoireachta ar fáil go dtí an fómhar tar éis na rolluithe a bheith deimhnithe ar an 30 Meán Fómhair agus próiseas na n-achomharc i leith soláthar foirne a bheith curtha i gcrích i mí Dheireadh Fómhair. 

I am very conscious of the staffing schedule and the need to prioritise teacher allocations in primary schools given their vital role in communities around the country. I am looking at how best to make further progress in reducing the primary teacher ratio in the context of the  Programme for Government implementation.

The key factor for determining the level of staffing resources provided at individual school level is the staffing schedule for the relevant school year and pupil enrolments on the previous 30 September.

The staffing schedule operates in a clear and transparent manner and treats all similar types of schools equally irrespective of location. The staffing schedule includes an appeals mechanism for schools to submit a staffing appeal under certain criteria to an independent Appeals Board. The Primary Staffing Appeals Board has allocated an additional teaching post to the school referred to by the Deputy on a provisional basis, pending confirmation of enrolments on 30th September.  The final allocation of teaching posts will not be known until the Autumn after confirmation of enrolments on 30th September and the conclusion of the staffing appeals process in October. 

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.