Written answers

Thursday, 30 July 2020

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Oifigí Roinne

Photo of Brendan GriffinBrendan Griffin (Kerry, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

420. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht na pleananna chun oifig na Roinne i gCiarraí a athoscailt agus foireann a bheith ann chun freastal ar phobal na Gaeltachta chun comhairle agus treoir a thabhairt maidir le scéimeanna agus seirbhísí na Roinne; cá mbeadh an oifig lonnaithe; cén uair a bheidh sé ag feidhmiú; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [19900/20]

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I dtús báire, ba mhaith liom a mheabhrú don Teachta de réir na dtreoracha atá i bhfeidhm faoi láthair, is gá d'fhoireann mo Roinne coinneáil ag obair ó chian chomh fada agus is féidir go dtí go gcloistear a mhalairt. Áirítear sa Phrótacal um Fhilleadh ar an Obair go Sábháilte ón Údarás Sláinte agus Sábháilteachta (ÚSS), Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) agus an Roinn Sláinte comhairle reatha faoi bhearta chun laghdú a dhéanamh ar scaipeadh COVID-19 sa phobal. Ina thaobh sin, táthar ag ullmhú plean maidir le hathoscailt oifigí na Roinne ar fad mar a thosóidh an geilleagar ag oscailt suas de réir a chéile

É sin ráite, thóg mo Roinn cinneadh go mbeadh oifigeach dá cuid lonnaithe ina hoifig  gCill Áirne le héifeacht ó Eanáir 2020 ar mhaithe le feabhas a chur ar a cuid seirbhíse sna ceantair Ghaeltachta agus ar na hoileáin i réigiún na Mumhan.  De bharr na paindéime, áfach, ní raibh deis ag an Roinn éifeacht iomlán a thabhairt don chinneadh sin, nó an cur chuige nua a fhógairt, go fóill.  Idir an da linn, toisc  go bhfuil gá le  turais ghnó agus idirghníomhaíochtaí aghaidh ar aghaidh a laghdú go dtí an íosmhéid, tá an cúram á dhéanamh chomh fada agus is féidir trí na roghanna éagsúla teicneolaíochta (e.g., glaonna comhdhála nó físchomhdháil) atá ann.

Déanfar athbhreithniú ar na socraithe reatha chun an tseirbhís seo a sholáthair de réir mar a chuirfear an  plean maidir le hathoscailt oifigí na Roinne i bhfeidhm.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.