Written answers

Thursday, 30 July 2020

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Caiteachas Gaeilge agus Gaeltachta

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

416. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht maidir le ceist uimhir 106 ar an 22 Iúil 2020, agus an costais €799,895 luaite aici i dtaobh pleananna a chur i dtoll a chéile le Páirc na Mara, an pháirc nuálaíochta mhuirí chomhaimseartha, a fhorbairt i gContae na Gaillimhe, cén foinse maoinithe a chur an costas €799,895 ar fáil; miondealú a thabhairt ar na costais atá san áireamh san fhigiúr seo i bhfoirm tháblach; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [19686/20]

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Le dhá bhliain go leith anuas, i gcomhairle le páirtithe straitéiseacha, tá obair agus infheistíocht shuntasach déanta ag Údarás na Gaeltachta chun pleananna a chur i dtoll a chéile chun Páirc na Mara, páirc nuálaíochta muirí íseal charbóin ar chaighdeán domhanda a fhorbairt. Tá tábhacht nach beag ag baint leis an togra seo d’inmharanacht cheantar Iorras Aithneach ó tharla gur togra é atá dírithe ar fhorbairt acmhainní nádúrtha an cheantair agus leas a bhaint as saineolas stairiúil an phobail ansin ar bhealach comhaimseartha.  Beidh an togra seo riachtanach chomh maith mar sholáthraí leanúnach fostaíochta amach anseo.

Is é cuspóir togra Pháirc na Mara ná go mbeadh pobal inmharthanach, eacnamaíocht bhríomhar agus comhshaoil caomhnaithe fite fuaite lena chéile i bpobal ársa teanga sa bhforbairt inbhuanaitheach seo.

Tríd infreastruchtúr agus deiseanna fostaíochta riachtanacha a chur ar fáil don bpobal seo, beidh ar chumas an Stáit fás san earnáil ríthábhachtach seo a chur chun cinn agus, dá bhrí sin, fás eacnamaíoch a chuirfidh fostaíocht inbhuanaitheach ar fáil do ghlúnta amach anseo sa gceantar tuaithe Gaeltachta seo.  

Tá na costais a bhain le réiteach iarratas pleanála don dtogra leagtha amach sa tábla thíos.

Measúnuithe tionchair timpeallachta EIAR, NIS, Iarratas ar Cheadúnas Dobharshaothraithe &  Ceadúnas urthrá 216,311
Dearadh Bonneagair & Máistirplean 128,321
Comhairleoireacht agus Iarratas Pleanála a réiteach 147,125
Taighdí Éiceolaíochta Trastíre & Loch & Éiceolaíocht Mhuirí 157,656
Costais Suirbhéireachta eile 37,769
Táille pleanála 38,000
Dlíodóirí 66,240
Costas saineolaí soláthair 8,473
Iomlán 799,895

Tabharfar faoi réimse leathan gníomhaíochtaí trasna earnáil na mara ar láthair Pháirc na Mara, agus beidh fiontair inbhuanaitheacha de chuid na hearnála táirgiúla, comhlachtaí poiblí, gníomhaireachta forbartha stáit agus an pobail taighde ag comhoibriú lena chéile agus é mar sprioc luach breise a chur lena dtáirgí agus lena seirbhísí, chomh maith le huasmhéadú a dhéanamh ar chumas forbraíochta na hearnála muirí sa réigiún.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.