Written answers
Tuesday, 28 July 2020
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Maoiniú d'Eagrais Ghaeilge
Mairead Farrell (Galway West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
300. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht mionsonraí a thabhairt i dtaobh an méid iomlán maoinithe is tacaíochtaí Stáit a cuireadh ar fáil do Chonradh na Gaeilge le cúig bliana anuas; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [18396/20]
Jack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Cuirtear maoiniú ar fáil do Chonradh na Gaeilge faoi mhíreanna éagsúla de Vóta mo Roinne. Tá comhoibriú leanúnach idir oifigigh mo Roinne agus Oifigigh Fhoras na Gaeilge agus Chonradh na Gaeilge mar a bhaineann le maoiniú agus bearta le tacú le pobal na Gaeilge i gcur chun cinn na teanga ar fud an oileáin.
Cuirtear maoiniú ar fáil do Chonradh na Gaeilge mar cheann de na ceanneagraíochtaí atá ceaptha ag Foras na Gaeilge chun an teanga a chur chun cinn. Is é Foras na Gaeilge a riarann an maoiniú seo as buiséad n Fhoras Teanga, buiséad atá ceadaithe ag an gComhairle Aireachta Thuaidh Theas (CATT). Léirítear an caiteachas seo i dTábla 1 thíos mar aon le maoiniú breise faoi scáth Fhoras na Gaeilge.
Tábla 1
Conradh na Gaeilge
- | 2015 € | 2016 € | 2017 € | 2018 € | 2019 € | Iomlán € |
---|---|---|---|---|---|---|
Maoiniú Ceanneagraíochta | 882,301 | 840,866 | 832,457 | 832,457 | 832,457 | 4,220,538 |
Bliain na Gaeilge | 475,866 | 475,866 | ||||
Scolaireachtaí | 42,949 | 35,000 | 32,681 | 35,100 | 39,648 | 185,378 |
PEIG.ie | 57,005 | 2,720 | 59,725 | |||
Iomlán | 982,255.00 | 878,586.00 | 865,138.00 | 1,343,423.00 | 872,105.00 | 4,941,507.00 |
Idir 2015 agus 2019, cuireadh mór iomlán de €4,941,507.00 ar fáil as bhuiséad Fhoras na Gaeilge.
Cuirtear maoiniú ar fáil chomh maith do thionscnaimh reatha agus caipitil faoi Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge mo Roinne. Léirítear an caiteachas seo i dTábla 2 agus Tábla 3 anseo.
Tábla 2
Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge
Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge | 2015 (Íoctha) € | 2016 (íoctha) € | 2017 (íoctha) € | 2018 (íoctha) € | 2019 (íoctha) € |
---|---|---|---|---|---|
Raidió Rí-Rá | 53,000 | - | - | 75,000 | 75,000 |
An Seó Bóthair agus Ceardlanna Tríú Leibhéal | - | - | 7,764 | 11,698 | 13,000 |
Gluaiseacht Seó Bóthair | - | - | - | - | 80,000 |
Cultúr Club | - | - | - | 28,170 | 34,454 |
Cartlann Athbheochan na Gaeilge | - | - | - | 11,000 | 60,000 |
Ard-Fheis ELEN | - | - | - | - | 6,500 |
IOMLÁN | 53,000 | - | 7,764 | 125,868 | 268,954 |
Tábla 3 (Caipitil)
Caipitil | 2015 (Íoctha) € | 2016 (íoctha) € | 2017 (íoctha) € | 2018 (íoctha) € | 2019 (íoctha) € |
---|---|---|---|---|---|
Lárionad Gaeilge, BÁC, Sráid Fhearchair | - | - | 12,269 | 22,000 | - |
Oibreacha athchóirithe ag Sr. Fhearchair | - | - | - | - | 42,500 |
Oibreacha athchóirithe ag Sr. Fhearchair | 34,849 | - | - | - | - |
IOMLÁN | 34,849 | - | 12,269 | 22,000 | 42,500 |
In 2016 agus 2017, cuireadh maoiniú atá leagtha amach i dTábla 4 thíos ar fáil faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Tá na tograí seo á gceadú anois faoi Fo-mhír C4 (Tábla 2) thuas ó 2017 i leith.
Tábla 4
- | 2015 (Íoctha) € | 2016 (íoctha) € | 2017 (íoctha) € | 2018 (íoctha) € | 2019 (íoctha) € |
---|---|---|---|---|---|
Raidió Rí-Rá* | - | 75,000 | 75,000 | - | - |
Cartlann Athbheochan na Gaeilge* | - | - | 104,000 | - | - |
IOMLÁN | 75,000 | 179,000 |
No comments