Written answers

Wednesday, 22 July 2020

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Maoiniú Údarás na Gaeltachta

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

48. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil sé i gceist aici tacaíocht a thabhairt don athchomarc atá á lorg ag Comhchumann agus muintir Rath Chairn i gcoinne cead pleanála a bhronn An Bord Pleanála do tithe agus lóistín bheith tógtha san Ghaeltacht acu gan coinníollacha teanga láidir bheith ceangailte leis. [17295/20]

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is ceist don Aire Tithíochta í cúrsaí pleanála trí chéile ar an gcéad dul síos ar ndóigh. É sin ráite, faoin Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000, tugtar an deis do mo Roinn agus d’Údarás na Gaeltachta tuairimí a thabhairt do na húdaráis phleanála faoi chásanna pleanála a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar an nGaeilge sa Ghaeltacht.

Faoi Alt 28 de na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2001, is gá d'údaráis áitiúla a bhfuil ceantar Gaeltachta faoina gcúram teagmháil a dhéanamh le mo Roinn agus le hÚdarás na Gaeltachta chun a dtuairimí a fháil maidir le forbairtí dar leo a d'fhéadfadh cur isteach ar oidhreacht chultúrtha agus teanga na Gaeltachta.

Maidir leis an gcás pleanála i nGaeltacht Ráth Chairn, tuigtear dom gur chuir mo Roinn aighneacht chuig Comhairle Contae na Mí faoin gcás áirithe seo - i gcomhréir le alt 28 de na Rialacháin - ag moladh go gcuirfí coinníoll leis an gcead a d'fhágfadh gur do lucht labhartha na Gaeilge amháin a mbeadh na tithe a bhí mar ábhar an iarratais pleanála coinnithe. Tuigtear, áfach, gur thug an Bord Pleanála breithiúnas faoin gcás le gairid tar éis achomharc a bheith iarrtha ag an iarratasóir - a rialaigh nach foláir go mbeadh 70% de na tithe coinnithe ar leataobh do lucht labhartha na Gaeilge.

Tuigtear don Roinn go bhfuil an comharchumann sa cheantar ag breathnú ar na féidearthachtaí athbhreithniú breithiúnach a lorg ina leith. Beidh mo Roinn ag coinneáil súil ar an gcás - ós rud é go bhféadfadh impleachtaí a bheith ann do cheantair Ghaeltachta eile dá bharr.

Ar bhonn ginearálta níor mhiste a lua go bhfuil mo Roinn tar éis scríobh cúpla uair le dhá bhliain anuas chuig na húdáráis phleanála a bhfuil ceantar Gaeltachta faoina gcúram chun a gcuid dualgas ina leith a mheabhrú dóibh - go háirithe i gcomhthéacs fhorfeidhmiú an phróisis pleanála teanga a bhfuil bunús reáchtúil aige faoi Acht na Gaeltachta, 2012.

Is féidir leis an Teachta a bheith cinnte de ar ndóigh go leanfaidh mo Roinn agus Údarás na Gaeltachta go deimhin ag tapú gach deis a dtugtar di, faoi réir alt 28 de na Rialacháin réamhluaite, chun tuairimí a thabhairt nuair a iarrtar iad faoi réir an Achta, i leith cásanna ábhartha pleanála a d'fhéadfadh tionchar a imirt ar staid na Gaeilge sa Ghaeltacht.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.