Written answers

Tuesday, 21 July 2020

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Cruinnithe an Aire

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

267. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cé hiad na cruinnithe a bhí aici leis na eagrais Ghaeilge agus Ghaeltachta ó roghnaíodh í mar Aire sinsearach don Gaeilge agus don Ghaeltacht. [17452/20]

Photo of Catherine MartinCatherine Martin (Dublin Rathdown, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá cás na Gaeilge agus na Gaeltachta rí-thábhachtach don Rialtas nua agus dom fhéin go pearsanta agus táim ag súil go mór le bheith ag obair as lámha a chéile leis an Aire Stáit nua agus leis na heagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta ar mhaithe lenár gclár oibre leathan sa Roinn nua a chur chun cinn. Tá sé i gceist agam cuairt a thabhairt ar cheantar Gaeltachta i dteannta an Aire Stáit nua gan mhoill, áit a chloisfimid faoi dhúshláin agus riachtanais na bpobal Gaeltachta. Beidh mé fhéin agus an tAire Stáit Chambers ag tapú an deis chomh maith sna seachtainí agus sna míonna amach romhainn casadh leis na heagrais Gaeilge agus Gaeltachta ar mhaithe le cloisteáil faoina gcuid dúshlán agus le hiarracht a dhéanamh teacht ar bhealaí len iad a shárú.

Creidim go láidir go bhfuil an Ghaeilge ar cheann de na hacmhainní nádúrtha is luachmhaire atá againn. Tá sí mar chuid lárnach dár bhféiniúlacht, agus is ceart agus is cóir go ndéanfar gach iarracht chun í a chaomhnú agus a neartú. Tá comharthaí dóchais le feiceáil dar liom sa mhéid daoine gur mhaith leo a gcuid gasúir a chuir chuig gaelscoileanna, sa mhéid daoine fásta anseo in Éirinn agus ar fud na cruinne atá ag foghlaim na teanga, san fhás as cuimse a fheiceann muid ar an teanga ar na meáin shóisialta agus an rath atá ar leithid na ‘Pop-Up Gaeltachtaí’ le roinnt blianta anuas. Níl aon dabht go bhfuil deacrachtaí ann chomh maith, agus dar liom, caithfidh an Stát iarracht níos fearr a dhéanamh chun tacú leis an teanga. Tá pobal labhartha láidir Gaeilge agus Gaeltacht ríthábhachtach má tá muid chun an teanga a thabhairt slán don chéad ghlúin eile. Má tá meas le bheith ag pobal na tíre ar an teanga, sílim go gcaithfidh an rialtas a léiriú go bhfuil meas ag an Stát ar an teanga.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.