Written answers

Tuesday, 21 July 2020

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Oideachas Gaeltachta

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

253. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil i gceist cúnamh a thabhairt do champaí samhradh a raibh costais tarraingte orthu féin agus earlais a fháil acu roimh a fograíodh nach mbeadh aon champaí Samhraidh ann i mbliana ag tús Mí Iúil, mar a rinne le na coláistí Gaeilge; agus an ndéanfaidh sí raiteas ina thaobh. [17052/20]

Photo of Catherine MartinCatherine Martin (Dublin Rathdown, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ceadaíonn mo Roinn allúntas suas le €330,000 d’Údarás na Gaeltachta chun campaí samhraidh a reáchtáil sa Ghaeltacht gach bliain. Is iad Muintearas Teo atá roghnaithe ag an Údarás chun cúram a dhéanamh de riar na scéime faoina scáth. Is ionann an cúnamh a chuirtear ar fáil faoin scéim agus fóirdheontas i ndáil leis an táille a ghearrtar le freastal ar champaí aitheanta.

Cé is móite den fhóirdheontas sin agus allúntas suas le €33,000 atá iníoctha le Muintearas Teo. as an scéim a riar, ní íoctar as aon chostas eile i ndáil le campaí samhraidh faoi scéim na Roinne.

Ar fhaitíos na míthuisceana, fógraíodh lé déanaí go mbeifí ag glacadh le hiarratais faoi Scéim na gCampaí Samhraidh i mbliana.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.