Written answers

Tuesday, 14 July 2020

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Foras na Gaeilge

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

372. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil i gceist aici méadu a dhéanamh ar mhaoiniú Fhoras na Gaeilge le gur féidir leis an bhForas a chuid a dhéanamh maidir le forbairt na teanga mar theanga phobail faoin Stráitéis Fiche Bliain don Ghaeilge; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [15864/20]

Photo of Catherine MartinCatherine Martin (Dublin Rathdown, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is í an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas (CATT) a cheadaíonn na buiséid do na Forais Trasteorann uile, An Foras Teanga san áireamh. Mar gheall ar chúinsí polaitiúla i dTuaisceart Éireann, áfach, níorbh fhéidir cruinnithe CATT a eagrú ó lár 2016 i leith. Dá bhrí sin, cé nach bhfuil na buiséid i leith 2017 go 2020 ceadaithe go hoifigiúil go fóill, ó 2017 i leith, tá aontaithe ag na Ranna Airgeadais sa dá dhlínse go bhfeidhmeodh na Forais Trasteorann uile de réir na buiséid a cheadaigh an CATT ina leith don bhliain 2016.

I mbliana, íocfaidh mo Roinn €11,087,184 (75% den ollbhuiséad ceadaithe ag CATT) d'Fhoras na Gaeilge. Anuas air sin, cuirfidh mo Roinn maoiniú breise ar fáil d'Fhoras na Gaeilge i ndáil le nithe imfhálaithe mar a bhaineann le Clár na Leabhar Gaeilge (€1,061,165) agus Colmcille (€118,519). Is fiú a nótáil freisin go ligtear d'Fhoras na Gaeilge an t-ioncam breise a ghintear ó dhíol leabhar agus eile a choinneáil le caitheamh ar a chuid gníomhaíochtaí.

Agus an CATT ag feidhmiú arís, déanfar na buiséad 2017 - 2020 a cheadú go foirmeálta agus beidh deis ann gach gné de chúrsaí oibre an Fhoras Teanga a phlé, cúrsaí buiséid do 2021 san áireamh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.