Written answers

Tuesday, 7 July 2020

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Seirbhísí Farantóireachta

Photo of Thomas PringleThomas Pringle (Donegal, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

261. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an dtabharfaidh sí uasdátú ar na pleananna chun bád farantóireachta saintógtha úr a chur ar fáil do Thoraigh i gContae Dhún na nGall agus cé na pleananna atá ann chun tonnchosc a chur ar fáil ag Cé Mhachaire Rabhartaigh i gContae Dhún na nGall (sonraí tugtha); agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [14311/20]

Photo of Catherine MartinCatherine Martin (Dublin Rathdown, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá forbairt Ché Mhachaire Rabhartaigh agus soithigh saincheaptha do Thoraigh i measc na dtograí atá le forbairt mar chuid de Thionscadail Éire 2040. Anuas air sin, tá an coiste buan – Comhchoiste Rochtana Oileán Thoraí - bunaithe chun na tograí seo agus eile a bhrú chun cinn.

Maidir leis an tsoitheach úr, ach an cead cuí bheith faighte, táthar chun dul i mbun próiseas tairisceana chun comhairleoirí le saineolas san earnáil muirí a fhostú le tabhairt faoi mholtaí a ullmhú do na féidearthachtaí maidir le soitheach úr a thógáil. Agus na moltaí seo á n-ullmhú, tógfar san áireamh an t-oileán ar a mbeidh an bád nua ag freastail agus na dúshláin atá i gceist ó thaobh aimsir, foscadh, luas etc.

Maidir le forbairt Ché Mhachaire Rabhartiagh, tá Comhairle Contae Dhún na nGall tar éis próiseas tairisceana a reáchtáil d’fhonn suirbhé bataiméadrach agus geo-fisiceach a chur i gcríoch. Tabharfaidh an suirbhé léargas don Comhairle Contae ar dhoimhneacht na farraige agus ar an saghas ábhar atá ar ghrinneall na farraige in aice leis an gcé. Beidh an Comhairle Contae ábalta an tionchar a d'fhéadfadh a bheith ag na roghanna éagsúla forbartha a mheas nuair a bheidh an t-eolas seo acu. Beidh impleachtaí ag an fhorbairt ar an gcé seo, dár ndóigh, ar dhearadh aon bháid a bheidh le tógáil le freastal ar Thoraigh.

Ní mór dom a chur in iúl don Teachta go mbeidh forbairt an dá thogra seo le breithniú ag an am cuí faoi théarmaí an Chóid Chaiteachais Phoiblí, ag cur san áireamh an soláthar airgid atá ar fáil le caitheamh ar thograí oileánda agus na n-éileamh éagsúla ar an soláthar sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.