Written answers

Tuesday, 7 July 2020

Department of Agriculture, Food and the Marine

Cuanta agus Céanna

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

573. To ask the Minister for Agriculture, Food and the Marine cén fáth ar fágadh tuairisc a rinne comhlacht (sonraí tughta) don Roinn maidir le Cé Ros a’Mhíl gan foilsiú ar feadh trí bliana; an bhfuil i gceist aige anois gníomhú ar mholtaí dearfacha na tuarascála agus cinneadh a dhéanamh airgead a chur ar fáil leis an gcé dhomhainmhara a thógáil; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [14633/20]

Photo of Barry CowenBarry Cowen (Laois-Offaly, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá sé Lárionad Cuain Iascaigh ainmnithe faoi úinéireacht an stáit (FHC) atá suite i mBaile Chaisleáin Bhéarra, Daingean Uí Chúis, an Dún Mór Thoir, Binn Éadair, na Cealla Beaga agus Ros an Mhíl, faoi úinéireacht ag mo Roinnse agus déanann an Roinn iad a chothabháil agus a chur i bhfeidhm, faoi reacht.

Cuireann an Roinn maoiniú ar fáil ar bhonn bliantúil do na Lárionaid Chuain Iascaigh, lena n-áirítear Ros an Mhíl, faoin gClár Forbartha Infreastruchtúir Cuanta Iascaigh agus Cósta. Tá dul chun cinn déanta le blianta anuas ar chlár céimnithe chun bonneagar Lárionad Cuain Iascaigh Ros an Mhíl a fhorbairt agus tá infheistíocht shuntasach déanta ann. Ar an iomlán, rinneadh tuairim is €31m a infheistiú i bhforbairtí caipitil i Lárionad Cuain Iascaigh Ros an Mhíl idir 2000 agus 2019. Ina theannta sin, tá breis is €1.5m leithroinnte chun oibreacha caipitil a dhéanamh sa chalafort in 2020.

Tá an fhéidearthacht maidir le tionscadal beart domhainmhara ag Lárionad Cuain Iascaigh Ros an Mhíl á mheas ag an Roinn le tamall anuas. Choimisiúnaigh an Roinn comhairleoirí DKM chun Anailís Costais is Tairbhe a dhéanamh ar a bheadh i gceist le céibh domhainmhara a fhorbairt ag Ros an Mhíl. Cuireadh dréacht-thuarascáil ar aghaidh chuig an Roinn i Meitheamh 2017. Rinneadh an tuarascáil a mheas ach níor glacadh léi go foirmeálta riamh.

Ó dréachtaíodh an tuarascáil sin, tá athrú tagtha ar roinnt de na bunphrionsabail a bhí mar thaca leis an gcéad anailís a rinneadh. In 2018, choimisiúnaigh an Roinn comhairleoirí innealtóireachta ina dhiaidh sin chun athbhreithniú a dhéanamh ar na réitigh dearaidh, ar na roghanna scóipeála agus ar ghnéithe oibríochta a d'fhéadfadh a bheith i gceist lena leithéid de thogra amach anseo. Fuarthas an tuarascáil sin in Aibreán 2019 agus tá sí á meas go hiomlán faoi láthair ag an Roinn; ach, aithníodh sa tuarascáil an gá atá le fiosruithe eile suímh a dhéanamh ag Ros an Mhíl.

Chuathas i mbun na n-oibreacha i ndáil le fiosrú suímh i Lúnasa/Meán Fómhair 2019 agus tá siad sin tugtha chun críche anois. Táthar ag súil go bhfoilseofar an tuarascáil deiridh sna seachtainí amach romhainn. Tacóidh torthaí na tuarascála seo chomh maith leis an measúnú foriomlán ar na réitigh dearthóireachta agus roghanna scóipeála a d'fhéadfadh a bheith i gceist chomh maith le heolas a dhéanamh ar aon chinneadh eile a bhaineann leis an tionscadal seo amach anseo.

Mar a bhíonn le gach forbairt sna sé Lárionad Cuain Iascaigh, ní dhéanfar aon chinneadh eile amach anseo i ndáil le tús a chur leis an tionscadal seo i Ros an Mhíl a mheas ach ar an mbonn maoiniú státchiste agus tosaíochtaí náisiúnta iomaíochta a bheith ar fáil.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.