Written answers
Tuesday, 7 July 2020
Department of Education and Skills
Tionscadail Tógála Scoileanna
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
477. To ask the Minister for Education and Skills an bhfuil i gceist aici togra tógála a cheadú do scoil speisialta (sonraí tugtha) a bhfuil géarghá aici le cóiríocht nua cheart; cén stádas atá ag an togra seo i láthair na huaire; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [14634/20]
Norma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Féadaim a dheimhniú gur chuir an scoil dár thagair an Teachta Dála iarratas faoi bhráid mo Roinne maidir le cóiríocht bhreise. Tá eolas breise iarrtha ag mo Roinn ar an scoil chomh maithe le soiléiriú ar eolas a cuireadh ar fáil ina n-iarratas. Nuair a gheofar an t-eolas seo, is féidir an t-iarratas a mheas a thuilleadh agus cuirfear an cinneadh in iúl don scoil.
No comments