Written answers

Tuesday, 16 June 2020

Department of Education and Skills

Foirne Scoile

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

272. To ask the Minister for Education and Skills an mbeidh cead ag scoil (sonraí tugtha) an ceathrú múinteoir a choinneáil sa scoil más rud é go mbeidh idir 76 scoláire agus 80 scoláire ar an rolla an bhliain seo chugainn, de bharr an ghá a bheidh ann scoláirí a choinneáil scartha óna chéile de thairbhe Covid-19, toisc go bhfuil na seomraí ranga sa scoil an-bheag agus toisc nach bhfuil halla ná seomra ilúsáide ar bith sa scoil; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [11252/20]

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is í an phríomhthoisc don chinneadh ar na hacmhainní foirne a chuirtear ar fáil ag leibhéal scoile aonair ná an sceideal foirnithe don scoilbhliain ábhartha agus rolluithe na ndaltaí an 30 Meán Fómhair roimhe sin. Tá meicníocht achomhairc mar chuid den sceideal foirnithe inar féidir le scoileanna achomharc foirnithe a dhéanamh faoi chritéir áirithe chuig Bord Achomhairc neamhspleách.

Tá post ar achomharc foirne bronnta ar an scoil dá dtagraíonn an Teachta, ar bhonn sealadach ag brath ar dheimhniú rolluithe an 30 Meán Fómhair 2020. 

The key factor for determining the level of staffing resources provided at individual school level is the staffing schedule for the relevant school year and pupil enrolments on the previous 30 September. The staffing schedule includes an appeals mechanism for schools to submit a staffing appeal under certain criteria to an independent Appeals Board.

The school referred to by the Deputy has been granted a staffing appeal post, on a provisional basis pending confirmation of enrolments on 30th September 2020.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

273. To ask the Minister for Education and Skills an bhfuil sé i gceist aige cead a thabhairt do scoileanna a chaillfidh múinteoir ranga de bharr titim sa tinreamh do scoilbhliain 2020/2021 an múinteoir sin a choinneáil, de bharr an ghá a bheidh ann scaradh sóisialta a chleachtadh i scoileanna agus chun an iomarca brú a sheachaint i seomraí ranga; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [11253/20]

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is í an phríomhthoisc don chinneadh ar na hacmhainní foirne a chuirtear ar fáil ag leibhéal scoile aonair ná an sceideal foirne don scoilbhliain ábhartha agus rolluithe na ndaltaí an 30 Meán Fómhair roimhe sin. Feidhmíonn an sceideal foirnithe go soiléir agus go trédhearcach agus pléitear go cothrom le scoileanna den chineál céanna beag beann ar an áit ina bhfuil siad lonnaithe. 

Is é an t-athimlonnú ar gach múinteoir buan/CTÉ barrachais an mheicníocht a úsáidtear chun poist mhúinteoireachta a líonadh agus tá a leithéid ríthábhachtach do chumas na Roinne bainistiú laistigh dá buiséad párolla. Tá na painéil athimlonnaithe i mbun gnóthaí faoi láthair agus tá folúntais do mhúinteoirí á líonadh ag scoileanna anois don scoilbhliain 2020/21. 

The key factor for determining the level of staffing resources provided at individual school level is the staffing schedule for the relevant school year and pupil enrolments on the previous 30 September. The staffing schedule operates in a clear and transparent manner and treats all similar types of schools equally irrespective of location. 

 The redeployment of all surplus permanent/CID holding teachers is the mechanism used to fill teaching posts and is key to the ability of the Department to manage within its payroll budget. The redeployment panels are currently transacting and schools are filling teaching vacancies for the 2020/21 school year.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.