Written answers

Tuesday, 16 June 2020

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Na hOileáin amach ón gCósta

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

1108. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cén dul chun cinn atá déanta ó thaobh beartas a fhorbairt do na hoileáin; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [11414/20]

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bhunaigh an Rialtas Coiste Idir-Rannach do na hOileáin i mí Iuil 2019 agus, ag eascairt as cruinnithe den choiste seo, aontaíodh ar phlean oibre chun polasaí oileánda a ullmhú.

Mar chuid den phróiseas seo, réitíodh agus foilsíodh plépháipéar le hionchur ó na ranna stáit éagsúla. Leag an plépháipéar amach eolas faoi na seirbhísí atá ar fáil do na hoileáin cheanna féin a bheadh mar áis don phróiseas comhairliúchán.

Ó mhí Eanáir ar aghaidh, d'eagraigh oifigigh ó mo Roinn sraith cruinnithe comhairliúcháin chun deis a thabhairt do phobail na n-oileán a gcuid tuairimí faoin bpolasaí agus faoi riachtanais na n-oileán a nochtadh.

Go dtí seo, tionóladh cruinnithe ar aon oileán dhéag mar seo a leanas:

Inis Arcáin 9 Eanáir 2020
Faoide 10 Eanáir 2020
Baoi 10 Eanáir 2020
An t-Oileán Mór 17 Eanáir 2020
Inis Oírr 22 Eanáir 2020
Inis Mór 29 Eanáir 2020
Inis Meáin 30 Eanáir 2020
Inis Uí Dhrisceoil 7 Feabhra 2020
Inis Fada 7 Feabhra 2020
Cléire 7 Feabhra 2020
Árainn Mhór 13 Feabhra 2020

B'éigean do mo Roinn an próiseas comhairliúcháin phoiblí a chur ar athló de bharr na géarchéime COVID-19. Socrófar cruinnithe ar na hoileáin eile a luaithe agus is féidir.

Is próiseas cuimsitheach comhairliúcháin atá ar siúl agus is é an chéad chéim eile sa phróiséas ná cruinnithe a thionól le páirtithe leasmhara eile, eagrais Stáit san áireamh, a chuireann seirbhísí ar fáil do na hoileáin. 

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.