Written answers

Tuesday, 16 June 2020

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

1101. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil sé i gceist aici íocaíocht a dhéanamh leis na mná a bhí ag coinneáil mic léinn meánscoile ar na hoileáin i leith na tréimhse idir Mí an Mhárta agus deireadh na scoilbhliana agus suas go dtí an tréimhse sin, mar a dhéanfar leis na mná tí a choinníonn scoláirí faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [11250/20]

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá na socruithe riaracháin idir lámha faoi láthair ag an Roinn maidir leis an gciste cobhsaithe atá bunaithe ar leas earnáil na gcoláistí Gaeilge - a bhfuil na teaghlaigh Ghaeltachta atá aitheanta faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge mar chuid lárnach di.

Tá an ghné den scéal a bhaineann leis na teaghlaigh sin a chuireann lóistín ar fáil dóibh siúd a dhéanann freastal ar feadh scoilbhliain iomlán sa ghnáthbhealach ar cheann de na hiar-bhunscoileanna oileánda á breithniú ag mo Roinn faoi láthair.  

Chomh luath is atá cinneadh ina leith déanta, beidh mo Roinn i dteagmháil, mar is cuí, leis na teaghlaigh ábhartha sin agus go deimhin leis na teaghlaigh Ghaeltachta trí chéile mar a bhaineann sé le dáileadh an chiste chobhsaithe.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.