Written answers

Wednesday, 20 May 2020

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Scéimeanna Tacaíochta

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

1403. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cén dáta ar a gcuirfear sonraí ar fáil maidir leis na scéimeanna tacaíochta a d’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta an 22 Aibreán 2020 chun teacht i gcabhair ar na coláistí samhraidh Gaeltachta agus ar na mná tí a chuireann lóistín ar fáil; an n-aontaíonn sí go bhfuil práinn faoi leith ag baint le cinnteacht a chur ar fáil do na coláistí samhraidh agus do na mná tí nuair a chuirtear san áireamh go bhfuil todhchaí na gcoláistí céanna i mbaol maidir le samhradh 2021, go háirithe agus na coláistí samhraidh ag aisíoc na n-éarlaisí faoi láthair a fuair siad ó thuismitheoirí le haghaidh na bliana 2020; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [5747/20]

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Dírím aird an Teachta ar na ceisteanna atá freagartha agam cheana féin faoin ábhar seo. Mar atá ráite agam cheana féin, tar éis dul i gcomhairle leis na húdaráis sláinte agus ar mhaithe le sláinte phoiblí a chosaint, ag cur san áireamh na bearta éigeandála atá á nglacadh maidir le Covid-19, d’fhógair mo Roinn le gairid nach reáchtálfar aon chúrsa foghlama Gaeilge sa Ghaeltacht an samhradh seo de bharr na paindéime Covid-19.

Aithnítear gur cuid lárnach de bhonneagar sóisialta agus geilleagrach na Gaeltachta iad na coláistí agus suas le 27,000 scoláire go bliantúil ag freastal ar cheann de 42 coláiste agus iad ag fanacht le ceann den 700 teaghlach Gaeltachta atá incháilithe faoi Scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge de chuid na Roinne le lóistín a chur ar fáil. Meastar gur fiú c.€50m sa bhliain í earnáil na gcoláistí Gaeilge do gheilleagar na Gaeltachta nuair a chuirtear san áireamh na hóstáin, tithe aíochta, bialann agus gnólachtaí a dtugann tuismitheoirí na bhfoghlaimeoirí cuairt orthu i gcaitheamh an tsamhraidh.

Mar atá luaite agam roimhe seo, tá cíoradh á dhéanamh i rith an ama ag an Roinn ar an mbealach is fearr is féidir chun earnáil na gcoláistí Gaeilge a chobhsú. Chuige sin, tá mé féin agus oifigigh mo Roinne i dteagmháil i rith an ama le scáthghrúpa na gcoláistí samhraidh, CONCOS.

Is i gcomhar le páirtithe leasmhara atá an obair seo idir lámha i dtreo féachaint chuige go mbeidh teacht aniar ann don earnáil trí chéile in 2021 agus sna blianta ina dhiaidh sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.