Written answers
Wednesday, 13 May 2020
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Forbairt na nOileán
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
1325. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cén dul chun cinn atá déanta ag a Roinn chun polasaí nua a réiteach do na hoileáin; cén uair atá i gceist lena leithéid a fhoilsiú; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [4659/20]
Seán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Bhunaigh an Rialtas Coiste Idir-Rannach do na hOileáin i mí Iuil 2019 agus, ag eascairt as cruinnithe den choiste seo, aontaíodh ar phlean oibre chun polasaí oileánda a ullmhú.
Mar chuid den phróiseas seo, réitíodh agus foilsíodh plépháipéar le hionchur ó na ranna stáit éagsúla. Leag an plépháipéar amach eolas faoi na seirbhísí atá ar fáil do na hoileáin cheanna féin a bheadh mar áis don phróiseas comhairliúchán.
Ó Mí Eanáir ar aghaidh, d'eagraigh oifigigh ó mo Roinne sraith cruinnithe comhairliúcháin chun deis a thabhairt do phobail na n-oileán a gcuid tuairimí faoin bpolasaí agus faoi riachtanais na n-oileán a nochtadh.
Go dtí seo, tionóladh cruinnithe ar aon oileán dhéag mar seo a leanas:
Inis Arcáin | 9 January 2020 |
---|---|
Faoide | 10 January 2020 |
Baoi | 10 January 2020 |
An t-Oileán Mór | 17 January 2020 |
Inis Oírr | 22 January 2020 |
Inis Mór | 29 January 2020 |
Inis Meáin | 30 January 2020 |
Inis Uí Dhrisceoil | 7 February 2020 |
Inis Fada | 7 February 2020 |
Oileán Chléire | 7 February 2020 |
Árainn Mhór | 13 February 2020 |
Is próiseas cuimsitheach comhairliúcháin atá ar siúl agus is é an chéad chéim eile sa phróiséas cruinnithe a shocrú le páirtithe leasmhara eile, eagrais Stáit san áireamh, a chuireann seirbhísí ar fáil do na hoileáin.
No comments