Written answers

Wednesday, 13 May 2020

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Scéimeanna Teanga

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

1324. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cén fáth nach n-íoctar ach ar feadh seachtaine na mná tí a choinníonn scoláirí faoin scéim speisialta scoláireachtaí do scoláirí atá ag freastal ar na meánscoileanna ar na hoileáin i gcás go mbíonn scoláire as láthair de bharr breoiteachta; cén costas breise a bhainfeadh leis seo a shíneadh ar feadh míosa; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [4651/20]

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Faoin tionscnamh seo, cuirtear ciste ar fáil ar fiú suas le €150,000 thar tréimhse 3 bliana chun gur féidir le suas le 30 scoláire iar-bhunscoile in aghaidh na bliana scoilbhliain iomlán a chaitheamh ag freastal ar aon cheann den trí iar-bhunscoil ar na hoileáin Árann.

Tá scoil iar-bhunoideachais ar gach ceann d’Oileáin Árann: Coláiste Naomh Éinne, Inis Mór, Coláiste Ghobnait, Inis Oírr, agus Coláiste Naomh Eoin, Inis Meáin. Faoin socrú reatha, tá uasmhéid de 30 scoláire ceadaithe (uasmhéid de 10 in aghaidh an oileáin). Is é Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin a dhéanann earcaíocht ar na scoláirí.

Tá nós imeachta i bhfeidhm ag an Roinn seo ó 2016 i leith faoina n-íoctar cúiteamh le teaghlaigh faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge as tréimhse neamhláithreachta scoláirí a théann abhaile ar a dtoil féin agus iad ag freastal ar chúrsaí ar feadh tréimhse coicísí nó trí seachtaine i rith na bliana. Déantar an cúiteamh seo ar an mbunús go mbíonn bia ceannaithe isteach ag na teaghlaigh roimh thús an chúrsa agus nach mbeidh na daltaí ag filleadh ar na cúrsaí agus biseach tagtha orthu.

Ní íoctar aon chúiteamh leis na teaghlaigh a thagann faoin Scéim do na hiarbhunscoileanna ar na hOileáin Árann as tréimhse neamhláithreachta scoláirí a théann abhaile de bharr tinneas nó saoire ar an mbunús go bhfilleann na daltaí seo ar na teaghlaigh oileánda agus biseach tagtha orthu.

Is cinnte go bhfuil tábhacht agus tairbhe ar leith leis an mbeart seo ó thaobh inmharthanacht na scoileanna agus, dá réir, inmharthanacht na n-oileán. Ní amháin sin, ach de thoradh an bhirt seo, tugtar an deis do scoláirí nach bhfaigheadh an deis sa ghnáthbhealach bliain iomlán a chaitheamh ag fáil oideachais trí Ghaeilge ar na hoileáin Árann. Is chun sochair na Gaeilge agus na nOileán Árann atá an beart seo dá réir. Ár ndóigh, tá critéir theanga i gceist leis an mbeart chomh maith a thacaíonn le feidhmiú an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta, na Straitéise 20-Bliain don Ghaeilge agus an phróisis pleanála teanga.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.