Written answers

Wednesday, 13 May 2020

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Calafoirt agus Céanna

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

1307. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cén dul chun cinn atá déanta maidir le forbairt na Cé in Inis Oírr; cén uair atá súil aici deontas a cheadú don obair riachtanach ar an gCé a bhfuarthas cead pleanála di i 2008; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [3949/20]

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar is eol don Teachta, tá forbairt Ché Inis Oírr san áireamh ar liosta na dtograí atá le forbairt faoi Thionscadail Éire 2040.

Cuirfear an fhorbairt seo chun cinn faoi réir théarmaí an Chód Chaiteachais Phoiblí. Mar chuid den Chód sin, tá oifigigh mo Roinne agus Comhairle Chontae na Gaillimhe ag comhoibriú ar chás gnó i leith an togra a chríochnú faoi láthair.

Agus an chéim sin curtha i gcríoch, déanfar an cás le haghaidh an togra a thabhairt go dtí céim na tairisceana a mheas i gcomhthéacs an airgid atá ar fáil do mo Roinn le caitheamh ar thograí caipitil agus na n-éileamh éagsúla ar an airgead sin.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

1308. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cén dul chun cinn atá déanta go dtí seo, i gcomhar le Comhairle Contae na Gaillimhe le tuilleadh forbartha a dhéanamh ar Ché an Chalaidh Mhóir in Inis Meáin; cad iad na céimeanna a gcaithfear dul tríothu chun go gceadófar deontas don obair seo; cén uair atá súil go gceadófar deontas don obair seo; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [3950/20]

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá forbairt Ché an Chalaidh Mhóir, Inis Meáin san áireamh i Tionscadail Éireann 2040.

Bíonn mo Roinn i dteagmháil le Comhairle Contae na Gailimhe go rialta maidir leis an togra seo agus, ag eascairt as na teagmálacha sin agus mar chuid den mheasúnú ar an togra, tá sé i gceist taighde a choimisiúnú chun samhail ionsamhlúcháin a réiteach a léireoidh na roghanna éagsúla don fhorbairt.

Agus an chéim sin curtha i gcríoch, déanfar an togra a mheas arís faoi théarmaí an Chóid Caiteachais Poiblí agus i gcomhthéacs an airgid atá ar fáil do mo Roinn le caitheamh ar thograí caipitil agus na n-éileamh éagsúla ar an airgead sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.