Written answers

Thursday, 5 March 2020

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Oideachas Gaeilge

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

1255. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil i gceist ag an Roinn leanacht den deontas atá an Roinn ag íoc do chomhodaitheoir Gaeilge i bPobal Scoil Chorca Dhuibhne don scoil bliain 2020/2021 agus ina dhiaidh sin, ag tógáil san áireamh an obair iontach atá déanta ag an scéim seo ó bunaiodh í; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [3318/20]

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar chuid den chistíocht bhliantúil   atá á cur ar fáil ag mo Roinn don eagraíocht, Oidhreacht Chorca Dhuibhne, ar leas foriomlán na Gaeilge i gCorca Dhuibhne, tá allúntas suas le €33,600 in iomlán (ionann leis an scoilbhliain seo caite 2018/19) á chur ar fáil chun Comhordaitheoir Teanga a fhostú i bPobalscoil Chorca Dhuibhne don scoilbhliain reatha 2019/20.

Tá iarratas ar allúntas trí bliana á bhreithniú ag an Roinn faoi láthair i leith na  tréimhse 3 bliana  2020/21, 2021/22 agus 2022/23 i dtreo a bheith in ann cinneadh a dhéanamh faoi chomh luath is féidir.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.