Written answers

Thursday, 5 March 2020

Department of Agriculture, Food and the Marine

Calafoirt agus Céanna

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

956. To ask the Minister for Agriculture, Food and the Marine cén uair a ghlacfar go hoifigiúil leis an tuarascáil ar Anailís Costais agus Tairbhe a dhéanamh ar Ché Ros a’ Mhíl ó tharla gur cuireadh ar fáil í i Meitheamh 2017, dhá bhliain go leith ó shin; cén uair a chríochnófar an t-athbhreithniú ar an tuarascáil a rinneadh ina dhiaidh sin ar na roghanna scóipeála agus ar ghnéithe oibríochta a d’fhéadfadh a bheith i gceist; cén uair a chríochnófar na fiosruithe eile suímh a luadh i bhfreagra ar cheist pharlaiminteach ar an 6ú Meán Fómhair 2019 agus cén uair a bheidh cinneadh déanta dul ar aghaidh leis an obair fíor-riachtanach ar an gcé seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [3477/20]

Photo of Michael CreedMichael Creed (Cork North West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá sé Lárionad Cuain Iascaigh ainmnithe faoi úinéireacht an stáit (FHC). Tá siad suite i mBaile Chaisleáin Bhéarra, Daingean Uí Chúis, an Dún Mór Thoir, Binn Éadair, na Cealla Beaga agus Ros an Mhíl, faoi úinéireacht ag mo Roinnse. Déanann an Roinn iad a chothabháil agus a chur i bhfeidhm, faoi reacht.

Cuireann an Roinn maoiniú ar fáil ar bhonn bliantúil do na Lárionaid Chuain Iascaigh, lena n-áirítear Ros an Mhíl, faoin gClár Forbartha Infreastruchtúir Cuanta Iascaigh agus Cósta. Tá dul chun cinn déanta le blianta anuas ar chlár céimnithe chun bonneagar Lárionad Cuain Iascaigh Ros an Mhíl a fhorbairt agus tá infheistíocht shuntasach déanta ann. Ar an iomlán, rinneadh tuairim is €31m a infheistiú i bhforbairtí caipitil i Lárionad Cuain Iascaigh Ros an Mhíl idir 2000 agus 2019.

Tá an fhéidearthacht maidir le tionscadal calafoirt domhainfharraige ag Lárionad Cuain Iascaigh Ros an Mhíl á mheas ag an Roinn le tamall anuas. Choimisiúnaigh an Roinn comhairleoirí DKM chun Anailís Costais is Tairbhe a dhéanamh ar a bheadh i gceist le cé domhainfharraige a fhorbairt ag Ros an Mhíl. Cuireadh dréacht-thuarascáil ar aghaidh chuig an Roinn i Meitheamh 2017. Rinneadh an tuarascáil a mheas ach níor glacadh léi go foirmeálta riamh.

Ó dréachtaíodh an tuarascáil sin, tá athrú tagtha ar roinnt de na bunphrionsabail a bhí mar thaca leis an gcéad anailís a rinneadh. In 2018, choimisiúnaigh an Roinn comhairleoirí innealtóireachta ina dhiaidh sin chun athbhreithniú a dhéanamh ar na réitigh dearaidh, ar na roghanna scóipeála agus ar ghnéithe oibríochta a d'fhéadfadh a bheith i gceist lena leithéid de thogra amach anseo. Fuarthas an tuarascáil sin in Aibreán 2019 agus tá sí á meas go hiomlán faoi láthair ag an Roinn; ach, aithníodh sa tuarascáil an gá atá le fiosruithe eile suímh a dhéanamh ag Ros an Mhíl.

Tugadh faoi na fiosraithe sin i Lúnasa/Meán Fómhair 2019 agus tá siad críochnaithe anois, agus táthar ag súil le tuarascáil a eascróidh ó na fiosraithe sin i R1 2020. Tacóidh torthaí na tuarascála seo chomh maith leis an measúnú foriomlán ar na réitigh dearthóireachta agus roghanna scóipeála a d'fhéadfadh a bheith i gceist.

Mar a bhíonn le gach forbairt sna sé Lárionad Cuain Iascaigh, ní dhéanfar aon chinneadh eile amach anseo i ndáil le tús a chur leis an tionscadal seo i Ros an Mhíl a mheas ach ar an mbonn  maoiniú státchiste agus tosaíochtaí náisiúnta iomaíochta a bheith ar fáil.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

957. To ask the Minister for Agriculture, Food and the Marine cén méid den chaiteachas de €29 milliún a caitheadh ar Ché Ros a’ Mhíl ó 2000 i leith a bhain le cúrsaí farantóireachta, báid phléisiúir agus báid bheaga iascaireachta faoi bhun 10 méadar agus cén méid de sin a bhain le cursaí iascaireachta do bháid os cionn 10 méadar; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [3478/20]

Photo of Michael CreedMichael Creed (Cork North West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá sé Lárionad Cuain Iascaigh ainmnithe faoi úinéireacht an stáit (FHC), suite i mBaile Chaisleáin Bhéarra, Daingean Uí Chúis, an Dún Mór Thoir, Binn Éadair, na Cealla Beaga agus Ros an Mhíl, faoi úinéireacht ag mo Roinnse agus déanann an Roinn iad a chothabháil agus a chur i bhfeidhm, faoi reacht.

Cuireann an Roinn maoiniú ar fáil ar bhonn bliantúil do na Lárionaid Chuain Iascaigh, lena n-áirítear Ros an Mhíl, faoin gClár Forbartha Infreastruchtúir Cuanta Iascaigh agus Cósta. Tá dul chun cinn déanta le blianta anuas ar chlár céimnithe chun bonneagar Lárionad Cuain Iascaigh Ros an Mhíl a fhorbairt agus tá infheistíocht shuntasach déanta ann. Ar an iomlán, rinneadh tuairim is €31m a infheistiú i bhforbairtí caipitil i Lárionad Cuain Iascaigh Ros an Mhíl ó 2000 go dtí 2019, an bhliain sin san áireamh.

Is tiomantas suntasach é seo i leith fhorbairt eacnamaíochta agus shóisialta Ros an Mhíl, an chúlchríoch níos leithne agus Oileáin Árann. Cuirtear tús le tionscadail de réir riachtanas oibríochtúil agus straitéiseach agus an tábhacht atá i gceist d'fhonn bonneagar foriomlán na Lárionad Cuain Iascaigh a fheabhsú chun saoráidí oibriúcháin a chur ar fáil do réimse éagsúil úsáideoirí an chalafoirt ina nglacfar dinimic ar leith na gcalafort ar leith san áireamh. Ní féidir idirdhealú a dhéanamh ar chostais tionscadail, lena n-áirítear sábháilteacht agus cothabháil, de réir mhéid an árthaigh a bhaineann úsáid as an gcalafort.

Táim ábalta a rá, maidir le Ros an Mhíl, gur críochnaíodh teirminéal farantóireachta breá do mhuintir thrí Oileán Árann agus do chuairteoirí chuig na hoileáin in 2011, a chosain tuairim is €15m.  Ach, áiríodh sa tionscadal sin áiseanna páirceála agus bealach bóthair isteach atá chun leasa gach duine a úsáideann an calafort. Níl sé i bhfad ó tugadh an obair ar chaladh bád chun críche (2018), obair a chosain €4.9m, agus baineann báid fóillíochta agus árthaí beaga iascaigh úsáid as an tsaoráid seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.