Written answers
Tuesday, 17 December 2019
Department of Education and Skills
Scoileanna Lán-Ghaeilge
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
181. To ask the Minister for Education and Skills an gcinnteoidh sé go mbeidh scoil (sonraí tugtha) ag fáil an deontais caipitíochta níos airde arb é €202 an páiste mar atá leagtha amach i gciorclán 34/2019 [52759/19]
Joe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Íoctar ráta caighdeánach an deontais chaipitíochta, is é sin €179 do gach dalta, le gach bunscoil seachas Gaelscoileanna atá lonnaithe lasmuigh de cheantair Ghaeltachta mar a mbíonn €23.00 sa bhreis ar an ngnáthráta deontais ar fáil do gach dalta.
Tarlaíonn a leithéid chun spreagadh breise a thabhairt do chothú úsáid na Gaeilge i gceantair lasmuigh den Ghaeltacht.
Gheobhaidh an scoil atá luaite ag an teachta an ráta caighdeánach an deontais chaipitiochta, is é sin €179 an dalta.
No comments