Written answers
Tuesday, 17 December 2019
Department of Communications, Climate Action and Environment
Craoltóirí Seirbhíse Poiblí
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
564. To ask the Minister for Communications, Climate Action and Environment cé mhéad airgid a cuireadh ar fáil, gach bliain, ón Státchiste, ag tógáil airgead an cheadúnais agus íocaíocht na Roinne Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí san áireamh, do TG4 agus RTÉ faoi seach ón mbliain 2011 i leith; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [53030/19]
Richard Bruton (Dublin Bay North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá dhá chuid sna fáltais ón táille cheadúnais: díolachán díreach a dhéanann An Post agus ranníocaíocht ón Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí i ndáil leis an scéim um cheadúnas teilifíse saor in aisce.
Sa tábla thíos tugtar iomlán na bhfáltas ó 2011 go 2018 agus íocaíochtaí le RTÉ agus le TG4 ón táille cheadúnais i gcaitheamh na tréimhse sin. Níl figiúirí na táille ceadúnais le haghaidh 2019 ar fáil fós mar go mbeidh díolachán díreach go deireadh na bliana san áireamh. Íoctar an chuid eile de na fáltais a fhaightear ón gceadúnas leis An Post as Seirbhísí Bailithe Táille Ceadúnais agus le hÚdarás Craolacháin na hÉireann as ucht an Ciste Craolacháin a riar, ciste a thacaíonn leis na Scéimeanna um Fhuaim agus Fís agus Cartlannú.
Ba cheart a thabhairt faoi deara gur maoiniú díreach Státchiste atá sa chuid is mó de mhaoiniú TG4, agus go bhfuil sé maoinithe go hiomlán ó fhoinsí Státchiste ó 2019. B’ionann sin agus €36.2m in 2019 agus tiocfaidh ardú €1m air sin go €37.2m in 2020. As sin, is maoiniú reatha é €34.2m agus is maoiniú caipitil é €3m.
Bliain | Iomlán na bhFáltas | Díolachán Díreach An Post | Ranníocaíocht RGFCS | Íocaíochtaí le RTÉ ón táille cheadúnais | Íocaíochtaí le TG4 | |
---|---|---|---|---|---|---|
Táille Cheadúnais | Maoiniú ón Státchiste | |||||
2011 | €217.8 | €160.6 | €57.2 | €182.4 | €9.2 | €27.0 |
2012 | €215.0 | €157.8 | €57.2 | €179.2 | €9.2 | €24.3 |
2013 | €216.4 | €159.2 | €57.2 | €181.5 | €9.2 | €24.4 |
2014 | €213.3 | €161.1 | €52.2 | €178.8 | €9.2 | €25.0 |
2015 | €213.9 | €161.7 | €52.2 | €178.5 | €9.2 | €23.9 |
2016 | €213.6 | €161.4 | €52.2 | €179.3 | €9.2 | €26.1 |
2017 | €215.1 | €161.9 | €53.2 | €184.8 | €4.2 | €29.9 |
2018 | €219.3 | €164.5 | €54.8 | €188.6 | €4.2 | €32.5 |
No comments