Written answers

Thursday, 12 December 2019

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Oideachas Gaeilge

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

13. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil sé i gceist aici athruithe a dhéanamh ar an scéim deontas le haghaidh ollscoileanna thar sáile ina múintear an Ghaeilge; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [51124/19]

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá mo Roinn ag cur maoinithe ar fáil ó 2006 mar thacaíocht le forbairt agus múineadh na Gaeilge a chur chun cinn in ollscoileanna tríú leibhéal thar lear. Is iad aidhmeanna an chiste dea-thoil i leith na Gaeilge agus an chultúir gaelaigh a chothú trasna na hEorpa, Stáit Aontaithe Mheiriceá, Ceanada agus níos faide ó bhaile agus an teanga a chur i láthair mar theanga idirnáisiúnta. Tríd an tionscnamh seo, cruthaítear ardán don Ghaeilge trínar féidir eolas a chur uirthi ar bhonn idirnáisiúnta. Cruthaíonn sé seo tuiscint níos fearr ar an teanga agus ar chultúr na hÉireann lasmuigh d'Éirinn agus cothaíonn sé naisc idir Éirinn agus na tíortha ina bhfuil na hinstitiúidí lonnaithe. Chomh maith leis sin, cuireann sé go mór le scoláireacht na Gaeilge i measc an phobail acadúil idirnáisiúnta agus méadaítear stádas na teanga dá réir.

Faoi láthair tá maoiniú á fháil ag os cionn 40 ollscoil/institiúid tríú leibhéal. Níos túisce i mbliana, cheadaigh mé ós cionn €1.3m do ós cionn 20 ollscoil ar fud na hEorpa don tréimhse acadúil 2019/20-2021/2022. Ciallaíonn sé seo go bhfuil ós cionn 40 ollscoil/institiúid tríú leibhéal ag fáil maoinithe nuair a chuirtear ollscoileanna Cheanada agus Mheiriceá san áireamh.

D’fhreastal ós cionn 2,500 dálta ar chúrsaí sa mbliain acadúil atá thart agus thug suas le ós cionn 100 de na daltaí seo cuairt ar Ionaid Ghaeltachta. Cruthaíonn sé seo deis iontach do na scoláirí na canúintí éagsúil a bhlaiseadh ag braith ar an ionad a roghnaíonn siad chomh maith le suim a mhúscailt in oidhreacht agus i gcultúir na tíre seo.

Ina theannta sin, tá mo Roinn ag comhmhaoiniú an tionscadail, Fáilte ar Líne, a bhfuil mar bhunaidhm aige cúrsaí ar líne go leibhéal céime don Ghaeilge agus do Chultúr na hÉireann a chur ar fáil. Tá tionscadal á fhorbairt in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath le Fiontar agus Scoil na Gaeilge agus an Ideas Lab san Instititúid Náisiúnta don Fhoghlaim Digiteach. Tá coiste idirnáisiúnta ag an tionscadal freisin, a dtarraingíonn ar an saineolas atá timpeall na cruinne sa bhfoghlaim digiteach agus sa teagasc ar-líne.

Ó seoladh an chúrsa anuraidh, tá os cionn 40,000 duine ó os cionn 100 tír timpeall na cruinne tar éis an deis a thapú an Ghaeilge a fhoghlaim ar-líne. Ceann de na príomhsprocanna atá ag an tionscadal seo ná an deis a thabhairt don Diasporanasc leanúnach a choinneáil leis an tír seo agus leis an oidhreacht uathúil a thugann ár dteanga dúinn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.