Written answers
Tuesday, 19 November 2019
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Tionscadail Oidhreachta
Pearse Doherty (Donegal, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
684. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an dtig léi an stádas reatha maidir le Togra Turasóireachta Shliabh Liag a chur in iúl; an bhfuil an togra críochnaithe go hiomlán nó an bhfuil oibreacha agus gnéithe éagsúla de fós le déanamh; cé mhéad airgead a caitheadh go dtí seo; cé mhéad airgead atá fós le caitheamh; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [47649/19]
Seán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá curtha in iúl ag Údarás na Gaeltachta nach bhfuil aon bhaint díreach acu leis na hoibreacha atá idir lámha maidir le togra turasóireachta Shliabh Liag. Tuigtear nach raibh an tÚdarás mar chomhpháirtí maoinithe sa ghné chaipitil den togra.
É sin ráite, áfach, tuigim gur cheadaigh an tÚdarás pacáiste tacaíochta arbh fhiú €100,000 in 2018 do Chomhlacht Pobail Shliabh Liag i dtreo costais fhostaíochta agus oiliúna a bhain le córas bainistíochta comhtháite turasóireachta a chur i bhfeidhm in Ionad na gCuairteoirí atá mar chuid den fhorbairt ar an láthair.
Níl aon chuid den deontas sin íoctha go fóill.
No comments