Written answers

Tuesday, 19 November 2019

Department of Education and Skills

Oideachas trí Ghaeilge

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

93. To ask the Minister for Education and Skills cén beartas atá aige lena chinntiú go bhfuil oideachas trí Ghaeilge ar fáil i ngach ábhar sna haonaid lán-Ghaeilge atá ceangailte le scoileanna dara leibhéal Béarla; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [47075/19]

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an Grúpa Stiúrtha um Sholáthar Múinteoirí, atá faoi chathaoirleacht ag Ard-Rúnaí na Roinne Oideachais agus Scileanna, ag déanamh breithniú ar na saincheisteanna a théann i bhfeidhm ar an soláthar múinteoirí agus tá sé ag déanamh maoirseacht ar chomhlíonadh an Phlean Gníomhaíochta um Sholáthar Múinteoirí, rud a d’fhoilsigh mé i mí na Samhna 2018. Is é atá sa Phlean Gníomhaíochta ná dhá ghníomh is fiche a bhaineann le ceithre réimse beartais, is iad sin: an beartas um oideachas tosaigh múinteoirí agus an soláthar, an cistiú agus an tacaíocht don oideachas tosaigh múinteoirí; riachtanais sonraí/taighde; beartais agus socruithe le haghaidh scoileanna agus múinteoirí a théann i bhfeidhm ar an soláthar múinteoirí; agus cur chun cinn ghairm na múinteoireachta.

Agus é ag tabhairt faoin gcúram atá air, tugann an Grúpa Stiúrtha aird ar an gceanglas nach mór do gach duine ar mian leo teagasc i scoileanna aitheanta comhlíonadh a dhéanamh ar na caighdeáin agus na critéir chlárúcháin ghairmiúil atá leagtha síos ag an gComhairle Mhúinteoireachta, arb í an comhlacht rialála gairmiúil do ghairm na múinteoireachta í. Tá súil agam go mbeidh mé in ann bearta eile a bhfuil mar aidhm leo tacú leis an soláthar múinteoirí a fhógairt thar na míonna atá romhainn.

Mar chuid de chur chun feidhme an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022, tugadh roinnt beart isteach a thacaíonn leis an soláthar múinteoirí do Ghaelscoileanna agus d’aonaid lán-Ghaeilge i scoileanna lán-Bhéarla. Ina measc sin, tosaíodh cúrsa nua Máistreachta san Oideachas Lán-Ghaeilge do mhúinteoirí bunscoile agus iar-bhunscoile, príomhoidí san áireamh, i gColáiste Mhuire gan Smál sa bhliain 2018. Tá 32 mhac léinn rollaithe i mbliain 1 agus tá 22 mhac léinn rollaithe i mbliain 2 den chúrsa.  Tosaíodh an clár nua 4 bliana Baitsiléara san Oideachas trí mheán na Gaeilge do mhúinteoirí bunscoile in Institiúid Oideachais Marino i mí Mheán Fómhair 2019. Tá 37 mac léinn rollaithe ar an gclár Baitsiléara san Oideachas trí mheán na Gaeilge faoi láthair. Déanann na cláir nua soláthar do suas le 60 áit nua don oideachas múinteoirí trí Ghaeilge gach bliain. Cuireadh soláthar foirne breise ar fáil don Mháistir Gairmiúil san Oideachas in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, freisin chun méadú a dhéanamh ar an líon múinteoirí iar-bhunscoile ar féidir leo Gaeloideachas ar ardchaighdeán a sholáthar i raon ábhar difriúil. Mhéadaigh an líon mac léinn atá rollaithe ar an gclár Máistir Ghairmiúil san Oideachas ó 25 dhuine sa bhliain 2017 go 35 dhuine sa bhliain 2019.

Tá Treoirthionscadal Ríomh-Mhoil nuálach nua á chur chun feidhme san Fhisic Ardleibhéil Ardteistiméireachta faoi láthair.  Is é cuspóir an treoirthionscadail sin leas a bhaint as an ríomhfhoghlaim chun cur leis an raon ábhar atá ar fáil trí Ghaeilge do dhaltaí atá rollaithe in iar-bhunscoileanna i limistéir Ghaeltachta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.