Written answers

Wednesday, 6 November 2019

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

222. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cad iad na heagraíochtaí agus na tograí Gaeilge agus Gaeltachta a bheidh sí ag maoiniú sa bhliain 2020 i gcomparáid leo siúd a tugadh maoiniú dóibh sa bhliain 2019. [45469/19]

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuireann mo Roinn idir chúnamh chaipitil agus reatha ar fáil i dtaca le clár leathan a chuidíonn leis an nGaeilge agus an nGaeltacht. Áirítear anseo an maoiniú do scéimeanna tacaíochta Gaeltachta agus Gaeilge faoi seach, maoiniú d'Údarás na Gaeltachta, Foras na Gaeilge agus maoiniú d'Oifig an Choimisnéir Teanga.

Ina theannta sin, ar ndóigh, tá ciste pleanála teanga faoi leith ann faoina ndéantar maoiniú ar bhonn leanúnach ar chur i bhfeidhm an phróisis pleanála teanga agus bearta faoi leith atá dlúthbhainteach leis.

Maidir leis an gClár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga atá á riar ag mo Roinn ar leas na Gaeilge sa Ghaeltacht go príomha, beidh €7.37m ar fáil in 2020. Bainfear leas as an gcistíocht seo chun an trí scéim faoi leith a thagann faoina scáth a mhaoiniú eadhon: Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge, Scéim na gCúntóirí Teanga agus Scéim na gCampaí Samhraidh. Ina theannta sin, bainfear leas as an gciste reatha seo chun maoiniú a chur ar fáil do thuairim is 12 eagraíocht Ghaeltachta ar leas na gclár oibre comhaontaithe atá á gcur i bhfeidhm acu go bliantúil ar son an phróisis pleanála teanga sa Ghaeltacht.

Comhthreomhar leis an gcúnamh reatha, tá cistíocht ar fiú €2.322m á cur ar fáil faoin gclár in 2020 a mbainfear leas as chun cabhrú tuilleadh le forbairt áiseanna pobail agus teanga sa Ghaeltacht.

Foilseofar sonraí iomlán an chaiteachais seo ar shuíomh mo Roinne ag deireadh na bliana ina ndéanfar rianú beacht ar an gcaoi a chaitheadh an soláthar airgid iomlán atá luaite faoin gClár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga agus an próiseas pleanála teanga faoi seach.

Mar a bhaineann le réimse gnímh Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht, leanfar ar aghaidh ag maoiniú na n-eagraíochtaí agus tograí céanna in 2020 agus atáthar ag mhaoiniú i mbliana, tograí a bhfuil obair leanúnach ag baint leo. Maoineofar eagraíochtaí atá gníomhach sna réimsí gnó agus cultúrtha agus sna réimsí teicneolaíochta agus digitithe.

Leanfaidh mo Roinn ag cur maoinithe ar fáil d’institiúidí idirnáisiúnta agus clár Fulbright agus ICUF ar mhaithe le teagasc na Gaeilge agus dea-thoil i leith na Gaeilge agus an chultúir Ghaelaigh i gcoitinne a spreagadh agus a chothú trasna na hEorpa, sna Stáit Aontaithe Mheiriceá, i gCeanada agus níos faide ó bhaile. Faoi láthair, tá maoiniú á dhéanamh ar cúrsaí in os cionn 40 institiúidí tríú leibhéal thar lear agus tá súil againn cur leis seo sna blianta amach romhainn.

Leanfaidh mo Roinn leis an maoiniú do thionscnaimh a thacaíonn le stádas na Gaeilge mar theanga oifigiúil agus oibre den Aontas Eorpach. Áiríonn na tionscnaimh sin, mar shampla, forbairt bhunachar sonraí téarmaíochta an AE i nGaeilge atá á dhéanamh ag Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus scéim intéirneachta i réimse an aistriúchain sna hinstitiúdí Eorpach.

Sa Phlean Forbartha Náisiúnta, Éire 2040, fógraíodh ciste caipitil de €13m a bheidh ar fáil go dtí 2027 ar mhaithe le hionaid Ghaeilge a fhorbairt ar fud na tíre, agus béim ar leith ar na Bailte Seirbhíse Gaeltachta, na Líonraí Gaeilge agus na ceantair sin ina bhfuil feidhm le Scéim Phobail Ghaeilge de chuid Fhoras na Gaeilge. Tá mo Roinn ag plé le cúig eagraíocht faoi láthair maidir le hiarratis caipitil, agus súil againn go mbeidh borradh faoin obair seo de bharr na dtograí seo agus tograí eile a thiocfaidh chun cinn an bhliain seo chugainn.

Anuas air sin, tá tacaíocht an Rialtas d'fhorbairt Ionad Gaeilge agus Cultúir i lár chathair Bhaile Átha Cliath leagtha amach sa Phlean Forbartha Náisiúnta, Tionscadal Éire 2040. Tá coiste stiúrtha curtha ar bun agus staidéar féideartheachta maoinithe ag mo Roinn ar mhaithe le 6 Sráid Fhearchair, Ceannceathrú Chonradh na Gaeilge, a fhorbairt mar lárionad Ghaeilge. Tá i gceist iarratas ar chead pleanála don fhorbairt a chur isteach roimh dheireadh na bliana seo.

Oifig an Choimisnéir Teanga

Leanfaidh an oifig seo lena ról thábhachtach maidir leis an nGaeilge ó thaobh monatóireacht, imscrúduithe, comhairle agus tuairisciú tríd an maoiniú atá curtha ar fáil di ó mo Roinn do 2020.

Údarás na Gaeltachta

Maidir le hÚdarás na Gaeltachta, fógraíodh sa Cháinaisnéis le déanaí, go mbeidh €1m breise in airgead caipitil á fháil ag an eagraíocht in 2020 chun a leithdháileadh ar bhun-chaipiteal a thabhairt suas go dtí €10m, méadú de bhreis agus 11% le hais 2019. Is cinnte go gcabhróidh an chistíocht bhreise sin leis an Údarás poist a choinneáil ina gcliantchuideachtaí sa Ghaeltacht agus tuilleadh infheistíochta a mhealladh go ceantair Ghaeltachta.

Ár ndóigh fógraíodh sa cháinaisnéis chomh maith go gcuirfear €200,000 breise in airgead reatha ar fáil d'Údarás na Gaeltachta in 2020 le dáileadh ar na heagraíochtaí pobalbhunaithe agus comharchumainn Ghaeltachta atá á maoiniú ag an eagraíocht. Sin ós cionn €1m nó méadú de 25%, in airgead breise atá curtha ar fáil don earnáil thábhachtach seo le trí bliana anuas.

Straitéis Fiche-Bliain Don Ghaeilge 2010 - 2030

Is é an Plean Gníomhaíochta 2018-2022 a d’fhoilsigh mo Roinn i mí Meithimh 2018 an mapa bóthair atá leagtha amach chun cúram a dhéanamh d'fheidhmiú na Straitéíse 20 Bliain don Ghaeilge don tréimhse cúig bliana ó 2018 go dtí 2022. Is ann a leagtar amach cad atá beartaithe a dhéanamh sa tréimhse sin chun tuilleadh cúraim a dhéanamh den Ghaeilge agus den Ghaeltacht mar a bhaineann sé leis na naoi réimse gnímh faoi leith atá luaite sa Straitéis.

Mar atá ráite agam go minic roimhe seo, ag croílár an Phlean Gníomhaíochta, tá na bearta comhaontaithe a leagtar amach ann. Tá breis agus 180 díobh ann, a chuirfear i bhfeidhm i gcomhar le os cionn 60 páirtí leasmhar. Leagtar an bhéim is mó ar an méid a dhéanfar go sonrach ar bhonn comhpháirtíochta thar 5 bliana. Tá tráthchlár ama luaite le gach beart agus luaitear chomh maith, ar ndóigh, na páirtithe a bheidh freagrach as na bearta a chur i bhfeidhm.

Tá an próiseas pleanála teanga a fheidhmítear faoi réir fhorálacha Acht na Gaeltachta 2012, lárnach do chur i bhfeidhm na Straitéise. Tá maoiniú suntasach á chur ar fáil ag mo Roinn don phróiseas seo le hardú de €0.5m slánaithe trí bhuiséad 2020. Tríd seo, leanfaidh mo Roinn ag maoiniú eagraíochtaí atá gníomhach i gcur i bhfeidhm an phróisis ar an talamh.

An Foras Teanga

Faoin Acht um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann 1999, tá ról reáchtúil ag Foras na Gaeilge chun an Ghaeilge a chur chun cinn ar bhonn uile-oileáin. Is í an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas (CATT) a cheadaíonn an buiséad d’Fhoras na Gaeilge mar áisíneacht den bhforas trasteorann, An Foras Teanga.In éagmais CATT, tá Foras na Gaeilge ag feidhmiú faoi réir socraithe eatramhaigh ag leibhéal buiséid a ceadaíodh i 2016. Seachas maoiniú bliantúil a chur ar fail, níl aon bhaint ag mo Roinn le riaradh scéimeanna Fhoras na Gaeilge.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.