Written answers

Wednesday, 6 November 2019

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Aerfoirt Réigiúnacha

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

43. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht maidir le ceannach Aerfort na Mine i gContae na Gaillimhe, cén dul chun cinn atá déanta maidir leis an gcás gnó a mheas; cad iad na céimeanna atá glactha agus atá le glacadh go fóill; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [45411/19]

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an praghas chun Aerfort Chonamara a cheannach aontaithe idir mo Roinn agus Galway Aviation Services Ltd (ag trádáil mar Aer Árann) le tamall. Tar éis an praghas seo a bheith aontaithe, d'fhostaigh mo Roinn comhlacht le saineolas san earnáil eitlíochta chun an cás gnó a ullmhú i ndáil le riachtanais an Chóid Chaiteachais Poiblí a chomhlíonadh. Tá an cás gnó sin faighte ag mo Roinn agus tá na céimeanna chuí á dtógáil anois chun na ceadanna éagsúla a fháil ar mhaithe leis an aerfort a cheannach.

Ach gach rud a bheith in ord, táthar ag súil leis an bpróiseas seo a bheith críochnaithe roimh dheireadh na bliana.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.